Site logo

Tacaíocht 3 bliana geallta do Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

Tá lúcháir ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil tacaíocht 3 bliana geallta ag Cumann Luathchleas Gael do Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a seoladh i 2016 le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Ciallaíonn an gealltanas seo go mbeidh sé de chumas ag Glór na nGael cur go mór leis an líon clubanna atá ag fáil tacaíocht ón Fhondúireacht le stádas, úsáid agus buanú an Ghaeilge sna clubanna a bhrú chun cinn.” a dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael.

“Is ábhar bróid agus mórtais dúinn go n’athníonn an CLG fiúntas agus tábhacht na hoibre a dhéanann ár gcuid Oifigigh Forbartha leis na clubanna agus tá muid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú go dlúth le Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge nuacheaptha an CLG.”

Go dáta tá ós cionn 90 club as 25 contae ar an oileán cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus iad ag baint leas as an tacaíocht a chuirtear ar fáil. Chomh maith le deontais agus boinn aitheantais a bhronnadh, déaneann scéim na Fondúireachta cinnte de go mbíonn comhairle ghairmiúil agus chuidiúil ar fáil do chlubanna ag gach céim a ghlacann siad ar a dturas ag cur an Ghaeilge chun cinn.

I láthair na huaire tá comharthaí nua dátheangacha á scaipeadh ar chlubanna fud fad na tire. Bealach simplí agus gasta, ach fíor éifeachtach le go mbeidh an Ghaeilge feiceálach sna clubanna. Bhí áthas ar Ghlór na nGael tabhairt faoin comhfhiontar áirithe seo leis an CLG, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.

Trí chlárú le Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha tá clubanna ag léiriú tiomantas go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn go gníomhach agus go dtabharfar spás lárnach di i saol laethúil an chlub. Is féidir le clubanna teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael – frainc@glornangael.ie chun eolas a fháil maidir le clárú.