Site logo

Tá Glór na nGael ag earcú

Tá áthas ar Ghlór na nGael an folúntas a leanas a fhógairt:

Oifigeach Forbartha & Painéal leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin

Beidh ról an Oifigigh Forbartha tiomanta don phobal agus bainfidh an ról le fás agus forbairt Ghlór na nGael trí straitéis shainmhínithe. Cuirfidh an t-iarrthóir rathúil an Ghaeilge chun cinn trí imeachtaí comhaontaithe, caidrimh agus gníomhaíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann.

Tá gach eolas faoin folúntas ar fáil anseo:  Folúntas Oifigeach Forbartha Deireadh Fómhar 2018

Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@glornangael.ie faoin Luan, 15 Deireadh Fómhair 2018 ag 5.00i.n.