Tá áthas ar Ghlór na nGael ana folúntas a leanas a fhógairt:
2x Oifigeach Forbartha & Painéal leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin
Beidh ról an Oifigigh Forbartha tiomanta don phobal agus bainfidh an ról le fás agus forbairt Ghlór na
nGael trí straitéis shainmhínithe. Cuirfidh an t-iarrthóir rathúil an Ghaeilge chun cinn trí imeachtaí
comhaontaithe, caidrimh agus gníomhaíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann. Beidh an ról
ceantarbhunaithe agus mar sin beidh solúbthacht maidir le láthair riachtanach.
EOLAS : 2x Oifigeach Forbartha & Painéal leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin
Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin
Scála Tuarastail: De réir pá scála an Oifigigh Feidhmiúcháin (EO), Ciorclán 20/2018, Aguisín 2A:
€29,609 – €49,960.
Téarma: Conradh 3 bliana
Tá an post seo maoinithe ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, faoi Scéim Tacaíochta
Gaeilge.
Spriocdháta:
Is gá CV as Gaeilge agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@glornangael.ie faoin Luan,
28 Deireadh Fómhair 2019 ag 5.00i.n.
Beidh na hagallaimh don ról seo ar siúl i Ráth Chairn go luath tar éis an spriocdháta thuas luaite.