Site logo

Stiúrthóirí nua ceapaithe ag Glór na nGael

Tá áthas ar Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil triúr Stiúrthóir nua ceapaithe aige agus suas le 14 duine eile ar fhochoistí dá chuid. 

Cuireadh tús le próiseas poiblí earcaíochta i mí Bealtaine 2019 chun teacht ar dhaoine nua a bheadh sásta feidhmiú ar Bhord Stiúrtha na heagraíochta, ar an gCoiste Iniúchóireachta Inmheánaí agus ar dhá fho-choiste nua dá chuid, Fóram Aiseolais Seirbhísí Tuismitheora (FAST) agus Fóram Aiseolais Seirbhísí Pobal (FASP).

Chuir Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha, an tUasal Pat Carey, in iúl go bhfuil sé tábhachtach do Ghlór na nGael go mbeadh réimse leathan daoine, le réimse leathan spéiseanna, ag feidhmiú ar son, agus ag treorú todhchaí, na heagraíochta.

Is cúis áthais dó go bhfuil daoine le taithí agus spéis aimsithe le rólanna deonacha ard-leibhéil a líonadh san eagraíocht, ag leibhéal Stiúrthóra agus ag na leibhéil eile. 

B’fhiú tabhairt faoin bpróiseas seo, dár le Ceannasaí Ghlór na nGael Lorcán Mac Gabhann, mar gur éirigh linn cur go mór le saineolas corparáideach na heagraíochta. Tá daoine le cúlraí éagsúla tíreolaíochta, spéise agus saineolais ghairmiúl aimsithe a chuideodh go mór linn agus an eagraíocht ag forbairt.
Cúlra cuntasaíochta/airgeadais/iniúchóireachta

Tá triúr stiúrthóir nua ceapaithe mar seo a leanas; Niamh De Búrca atá mar Phríomhfheidhmeannach ar Ghnó Mhaigh Eo,  Dónall Ó Cnáimhsí atá mar Bhainisteoir Pleanála Teanga ar Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt i gCo. Dhún na nGall agus Colm Mag Uiginn atá ag feidhmiú mar an chéad Oifigeach teanga ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste.

 

Tá liosta iomlán na mball nua atá tar éis glacadh le tairiscint le léamh thios:

 

Baill nua an Bhoird Stiúrtha agus Fo-choistí eile na heagraíochta

 

Bord Stiúrtha

Colm Mag Uiginn
Tá Colm Mag Uiginn as an Lorgain in Ard Mhacha ina Oifigeach Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. D’oibrigh Mag Uiginn leis an eagraíocht teanga Líofa roimhe seo
Dónall Ó Cnáimhsí
Tá Dónall Ó Cnáimhsí, as an Ghlasigh Gaoth Dobhair, ina oifigeach pleanála teanga chun plean teanga a fheidhmiú thar cheann Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.
Niamh de Búrca
Is as Contae na Gaillimhe ó thús de Niamh de Búrca.  Tá taithí aici sa réimse forbartha Pobail agus spéis faoi leith aici sa réimse gnó.  Tá sí ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Ghnó Mhaigh Eo faoi láthair.

 

Coiste Iniúchóireachta Inmheánaí (CII)

Breda Ní Mhaoláin – CII

Is aistritheoir gairmiúl í Breda Ní Mhaoláin as an Trá Bháin, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe agus tá sí ag cur fúithi anois  i mBaile Átha Cliath. Tá taithí leathan agus fairsing aici in earnáil na Gaeilge anseo agus san Eoraip.
Conchúr Ó Brolacháin
Is léachtóir san oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál (Ollscoil Luimnigh) é Conchúir Ó Brolacháin atá ag cur faoi i nGaillimh.  Tá taithí aige sa réimse pleanala teanga agus é gníomhach sa CLG.   

 

Fóram Aiseolais Seirbhís Pobal (FASP)

Clíodhna Ní Dhufaigh 
Tá Clíodhna Ní Dhufaigh mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn ón 1 Iúil 2019.  Is ball gníomhach í i gCuallacht na Gaeilge in Ollscoil Mhá Núad.
Síle Uí Ghallchóir             
Is bean Gaeltachta í Síle Uí Ghallchóir agus spéis faoi leith aice i bhforbairt pobail. Tá sí fostaithe faoi láthair le Togra Oideachais Gaeltachta i nGaoth Dobhair.
Máirín Uí Fhearraigh      
Tá táithí fada ag Máirín Uí Fhearraigh ag plé le cúrsaí forbartha pobail agus í mar bhainisteoir ar Chomharchumann na nOileán Beag atá lonnaithe i nGaoth Dobhair. 
Méadhbh Ó hEadhra            
Is as an Spideál i gConamara do Mhéadhbh Ó hEadhra. Is múinteoir iarbhunscoile í, le taithí fairsing sna meáin chumarsáide.

 

Fóram Aiseolais Seirbhísí Teaghlaigh (FAST)

Oisín Mac Eo                   
Is Pleanálaí Teanga é Oisín Mac Eo, as Doire, ach atá ag obair le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt
Orna Ní Choileáin                     
Is as Iarthar Chorcaí do mhuintir Orna Ní Choileáin. Tá duaiseanna sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht gnóthaithe aici ag an Oireachtas agus ag féilte Gaelacha eile.
Siobhán Grogan               
Tá cónaí ar Shiobhán Grogan i gCo. Chill Dara.  Tá Siobhán lárnach sa phleanáil teanga agus in obair fhorbarha na Gaeilge atá ar siúl sa chontae le roinnt blianta anuas.
Amanda Ní Dhuibhir
Is as Gaeltacht Dhún na nGall do Amanda Ní Dhuibhir ó thús ach í ag cur fuithi i gCo. Chill Dara anois, áit a bhfuil sí ag feidhmiú ar Phríomhoide ar Ghaelcholáiste Chill Dara.
Tara Hipwell                      
Tá cónaí  ar Tara Hipwell san Inbhear Mór áit atá sí ag tógáil clann le Gaeilge. Is ealaíontóir aitheanta í agus tá sí gníomhach ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil an Inbhir Mhóir.  
Dónal Mac an Ailín           
Tá aithne ar Dhónal Mac an Ailín mar stairí agus scríobhneoir leabhar.  Is as Tír Eoghan dó agus an-taithí aige ar an gCLG ón uair a bhí sé fostaithe mar Oifigeach Cultúir Chomhairle Uladh.