Spraoi don teaghlach ar fad ag Ardán 26 i nGaillimh!

Beidh lá lán spraoi agus siamsaíochta do theaghlaigh ag Ardán 26, a bheidh ar siúl ar an 19 Meán Fómhair 2026 in Óstán an Chonnacht i nGaillimh.
Beidh seomra speisialta teaghlaigh á reáchtáil ag an rannóg Teanga Tí mar chuid den ócáid moltóireachta agus bronnta do ghrúpai pobail.
Beidh Stephen McGinley linn le ceardlanna lán fuinnimh i lámhchleasaíocht agus i scileanna sorcais. Cuirfidh Julie Anne de Brún beocht sa seomra le scéalta, rannta agus ceol. Beidh cluichí, ealaín agus ceardaíocht ann freisin, agus neart spraoi don teaghlach ar fad!
Beidh an seomra teaghlaigh ar oscailt ó 11.00 go 16.00 agus tá fáilte mhór roimh chách.
Cláraígí anois tríd an nasc seo agus bígí linn don spraoi!

Roghnaigh do theanga / Choose your language