Labhair muid le Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig i nDobhar, Co. Dhún na nGall, faoin mhéid atá ar siúl ag an ionad. Bhain Ionad Naomh Pádraig dara háit amach i gComórtas Ghlór na nGael i mbliana, agus is eiseamláir iad i gcúrsaí pobail.
C: Inis dom faoin dóigh gur bunaíodh bhur ngrúpa – cén bhliain ar
bunaíodh é agus cad chuige?
F: Is eagraíocht phobalbhunaithe muid atá lonnaithe i nDobhar i nGaeltacht
iarthuaisceart Thír Chonaill. De bharr ár gcuid oibre tá athbheochan agus tógáil
déanta ar chumas an phobail ón bhliain 1996 i leith. Tá an obair ag dul ar aghaidh
agus ag fás ó rinneadh corprú orainn i mí Dheireadh Fómhair 2003.
C: Inis dom píosa beag faoin áit ina bhfuil sibh lonnaithe
F: Bíonn Ionad Naomh Pádraig ag freastal ar cheantar feidhmeannach na Seirbhísí
Sláinte, a chlúdaíonn ceantar cúraim phríomhúil an Bhuna Bhig/Dhoirí Beaga, ceantar
a shíneann ó Dhún Lúiche go Machaire Rabhartaigh, le Croithlí san áireamh.
C: Inis dom píosa beag faoi na daoine atá bainte le do ghrúpa
F: Cuireann muid seirbhísí sóisialta, daonna agus pobail ar fáil i gceantar tuaithe
Gaeltachta atá ag streachailt i dtólamh le fadhbanna sóisialta, eacnamaíochta agus
eile. Inár gcuid oibre tá sé d’aidhm againn leas an phobail uilig a dhéanamh, dul i
ngleic le heisiamh sóisialta agus eile, agus daoine a spreagadh le mothú go bhfuil sé
ar a gcumas páirt a ghlacadh mar shaoránaigh ghníomhacha i bhforbairt agus i
gcothú an phobail.
Cuireann muid réimse leathan seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, príomhtheanga an
phobail, agus tugann comhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí, a bhfuil pleanáil
agus forbairt na Gaeilge, cúram sláinte agus sóisialta, oideachas, fiontraíocht agus
forbairt phobail mar thosaíochtaí agus mar chuspóirí acu. Tá ár seirbhísí dírithe ar
leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, grúpaí teaghlaigh, daoine scothaosta agus grúpaí
eile a bhfuil muid ábalta a gcuid riachtanas a aithint agus cuidiú leo iad a réiteach.
C: Inis dom faoi chuid de na tionscadail atá curtha i gcríoch agaibh?
F: Is deashampla é an tseirbhís tacaíochta ailse den dóigh ar féidir le hIonad Naomh
Pádraig freagairt ar bhealach straitéiseach éifeachtúil le cuidiú le hacmhainní úsáid
agus a chomhordú sa dóigh gur féidir iad a dhíriú go cruinn ar na daoine a bhfuil
feidhm acu leo, agus é seo a dhéanamh ar bhealach cairdiúil, measúil, cineálta atá
fréamhaithe i luachanna an phobail.
Tá méadú suntasach tagtha ar an méid cliaint atá ag baint úsáid as seirbhísí ‘Eitiltí
Seirbhísí Ailse Dhún na nGall’. Déanann muid comhordú ar eitiltí fillte go Baile Átha
Cliath agus thar lear d’othair le hailse, dá dteaghlaigh, dá gcúramóirí nó dá
gcompánaigh. Déantar comhordú fósta ar eitiltí do leanaí le dianfhadhbanna sláinte
nó rochtana a chuireann srian ar a mbeatha, agus dá dteaghlaigh.
Chomh maith leis sin cuidíonn muid cóiríocht a fháil in aice le hospidéil d’othair agus
dá dteaghlaigh. Tá seirbhís tiománaithe deonacha curtha ar fáil le iad a bhailiú ón aerfort
agus na hothair a thabhairt go dtí an ospidéil i gcomhair le Cumann Ailse na
hÉireann.
Tá ráchairt mhór ar ár gcarr pobail le 16 tiománaí deonach aimsithe le cuidiú le
hothair freastal ar choinní in ospidéil i nGaillimh, Ros Comáin, Sligeach, Béal Feirste,
Leitir Ceanainn, Doire srl.
Chun seirbhís níos cuimsithe a chur ar fáil rinne muid mionbhus a cheannach agus
tá muid ag obair i gcomhar leis na hospidéil ionas go mbeidh muid ábalta an dúshlán
a bhaineann le freastal ar choinní san ospidéal a laghdú, agus líon na n-othar a
mhéadú.
Cuireann muid comhairleoireacht ar fáil saor in aisce d’othair le hailse agus dá
muintir, tá comhleoir lonnaithe anseo san Ionad dhá lá sa tseachtain.
C: Cad é mar a fhaigheann sibh an pobal áitiúil ar bord le cuidiú libh?
F: Faigheann Ionad Naomh Pádraig an pobal áitiúil ar bord trí hoscailteacht agus
rannpháirtíocht leanúnach a chothú. Eagraíonn muid imeachtaí pobail, cuireann
muid fáilte roimh oibrithe deonacha, agus spreagaimid daoine le páirt a ghlacadh i
gcláir agus i dtionscadail. Úsáidimid meáin shóisialta agus cruinnithe pobail chun
cumarsáid a choinneáil oscailte agus chun a chinntiú go mbraitheann an pobal go
bhfuil siad lárnach inár gcuid oibre.
C: Cad é mar a chinntíonn sibh go bhfuil go leor airgead ag teacht
isteach san eagraíocht i gcónaí?
F: Tá fiontraíocht shóisialta forbartha againn, agus déanaimid bainistíocht chúramach
ar acmhainní chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú.
C: Cad iad na dúshláin is mó atá romhaibh amach anseo?
F: Tá foireann oibre róbheag againn áfach agus bíonn sé deacair dúinn na seirbhísí atá
a sholáthar faoi láthair a chur ar fáil, agus ní bheidh sé ar ár gcumas deiseanna a
thapú gan an líon ceart foirne. Tá riachtanais shonracha foirne aitheanta againn má
tá muid le forbairt agus feabhas a chur ar ár seirbhísí ar bhealach pleanáilte, rud a
chruthódh ioncam nua méadaithe d’Ionad Naomh Pádraig agus a chuideodh linn
fiontraíocht shóisialta agus fostaíocht inbhuanaithe a chruthú sa phobal.
C: Cad é atá i ndán do bhur ngrúpa ins na blianta amach romhainn?
F: Is fiontar rathúil éifeachtúil sóisialta muid. Is é ár ngnó riachtanais, aidhmeanna agus
uaillmhianta ár bpobal áitiúil a thuigbheáil. Is é ár ngnó fosta na bacanna atá ar
lánpháirtíocht i saol an phobail a aithint, chomh maith leis na bacanna atá ar
shaoránacht ghníomhach. Déantar dearadh, bainistiú agus seachadadh ar ár
seirbhísí mar fhreagairt tuisceanach straitéiseach ar fhíricí an tsaoil inár bpobal.
Aithnítear dhá phríomhthreo straitéiseach d’Ionad Naomh Pádraig inár bplean nua
fhostú.
Tá an brú ar na saoráidí go léir (agus ar an fhoireann) ag méadú i gcónaí le freastail
ar an éileamh áitiúil ar sheirbhísí agus tacaíocht inár bpobal.
Le dul i ngleic leis seo, tá gníomhartha meántéarma agus fadtéarma aitheanta
againn ag úsáid forbairt chaipitil a cheadódh dúinn:
trealaimh céadfach a chur ar fáil sa gharradh pobail
Fadtéarmach – Céim 3, síneadh beartaithe – seomraí ranga breise, seomraí
cruinnithe agus oifig.
C: Má tá duine amuigh ansin ag iarraidh cuidiú le bhur ngrúpa nó a
bheith páirteach ins an obair a dhéanann sibh, cad é mar is féidir leo
sin a dhéanamh?
F: Bíonn muid i gcónaí ag lorg daoine a bhfuil spéis acu sa phobal. Thig leo teagmháil
a dhéanamh linn trí ghlaoch, ríomhphost nó trínár meáin shóisialta. Bíonn deiseanna
ann le bheith ag obair go deonach, cuidiú le himeachtaí, nó páirt a ghlacadh i
dtionscadail. Tá fáilte roimh achan duine, agus bíonn ár ndoirse oscailte i gcónaí do
dhuine ar bith atá ag iarraidh páirt a ghlacadh nó tacaíocht a thabhairt dúinn.