Mar chuid de shraith agallaimh le grúpaí pobail ar fud na tíre, labhair Ruairí Ó Donnáin linn maidir leis an obair atá ar bun ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair i gContae an Dúin. Tá Ruairí ina Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an eagraíocht a bhain an tríú háit amach i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2024.
Ceist: Inis dom faoin dóigh ar bunaíodh bhur ngrúpa – cén bhliain ar bunaíodh é
agus cad chuige?
Freagra: Tá “Lower Mourne Gaelic League” ag feidhmiú ó bhí 1981 ann. Bhunaigh muid an grúpa pobail seo mar gheall ar an oidhreacht shaibhir atá sa cheantar idir chultúr agus teanga agus mhothaigh na hiontaobhaithe go raibh gá le grúpa a bhunú chun í a chosaint sna blianta beaga romhainn.
C: Inis dom píosa beag faoin áit ina bhfuil sibh lonnaithe
F: Tá muid lonnaithe i bPáirc na Mara, ionad Gaeilge agus cultúir dár gcuid féin ó 2013 atá
suite sa cheantar ina bhfuil muid ag feidhmiú ann – “Boirche Íochtar”. Ach é sin ráite, thosaigh muid amach ag baint leasa as tábla cistine timpeall na háite chun ranganna agus seisiúin scéalaíochta a sholáthar. Go príomha is é ceantar Bhoirche Íochtar atá faoinár gcúram, ach le déanaí, tá muid ag tabhairt aghaidh ar cheantar an Mhúrn ina iomláine mar gheall ar an tsuim agus ar an éileamh atá ann don teanga.
C: Cad é aidhm an ghrúpa?
F: Is é an phríomhaidhm atá againn ná an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga, daoine fásta, teaghlach, comhlachtaí, agus an pobal ina iomláine trí dheiseanna a chruthú dóibh an teanga a fhoghlaim agus a úsáid. Is é “Saol trí Ghaeilge atá uainn” an mana atá taobh thiar den ghrúpa.
C: Inis dom píosa beag faoi na daoine atá bainteach le do ghrúpa
F: Mar gheall gur grúpa pobail muid, níl aon bhallraíocht i gceist linn, bíonn fáilte Uí Cheallaigh curtha roimh aon duine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a chur chun tosaigh go dearfach. Tá coiste taobh thiar den ghrúpa a bhíonn ag obair go crua le linn na bliana chun cinnte a dhéanamh go mbíonn deiseanna Gaeilge curtha ar fáil do chách i rith an ama. Tá an t-ádh orainn go bhfuil Oifigeach Forbartha Gaeilge ag obair go lánaimseartha chun
tacaíocht a thabhairt dúinn na spriocanna teanga seo a bhaint amach.
C: Inis dom faoi chuid tionscadail atá curtha i gcríoch agaibh?
F: Tá clár lán againn gach seachtain idir imeachtaí atá lonnaithe i bPáirc na Mara agus sa phobal. Bíonn 10 rang Gaeilge againn go seachtainiúil ag freastal ar gach leibhéal, chomh maith leis sin, bíonn 4 sheisiún den chlub óige againn go dátheangach, grúpaí tuismitheoirí agus tachrán, damsha seit i nGaeilge do Pháistí chomh maith le neart eile. Tá muid i ndiaidh leabharlann phoiblí agus Caifé an Phobail a oscailt san ionad a bhíonn oscailte gach seachtain chomh maith. Idir sin agus na tionscadail eile a bhíonn ar bun againn déanann muid ár ndícheall freastal ar gach gné den phobal.
C: Cad é mar a fhaigheann sibh an pobal áitiúil ar bord le cuidiú libh?
F: Bíonn an pobal atá againn iontach tacúil dúinn ar fad i rith na bliana. Déanann siad a
ndícheall freastal ar na himeachtaí uilig agus cuidiú linn nuair is féidir leo. Cuidíonn sé linn
go mbíonn muid ag freastal ar an mhórphobal idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí Gaeilge.
Aithníonn gach duine mar gheall air seo go bhfuil siad mar chuid de phobal Bhoirche
Íochtar agus go bhfuil muid ag déanamh gach iarracht chun an méid is mó agus is féidir linn
a dhéanamh chun Saol trí Ghaeilge a sholáthar dóibh agus dá bpáistí. Bíonn fáilte i gcónaí
roimh mholtaí maidir le himeachtaí agus tionscadail úra agus nuair is féidir linn, cuirtear iad
ar fáil de ghnáth saor in aisce nó ar luach an airgid. Is pobal ar leith iad pobal na Gaeilge
agus is léir do chách go mbíonn fáilte roimh gach aon duine i gcónaí.
C: Cad é mar a chinntíonn sibh go bhfuil go leor airgid ag teacht isteach san
eagraíocht i gcónaí?
F: Is streachailt leanúnach é sin dúinn agus don phobal Gaeilge ina leith, cé go bhfuil an
earnáil ag fás go suntasach bliain i ndiaidh bliana níl na hacmhainní ag teacht leis agus mar
gheall air sin bíonn dúshlán romhainn i gcónaí teacht ar scéimeanna maoinithe chun ár gclár
oibre a chur i gcrích agus chun na doirse a coinneáil ar oscailt. Cé go mbíonn scéimeanna ar leith ar fáil duinn ó Fhoras na Gaeilge ní leor iad ar an drochuair. Bíonn ar ár n-oifigeach forbartha a bheith ag obair go crua leis an choiste chun luach an airgid a fháil ar na hacmhainní uilig atá a dhíth orainn. Chomh maith leis sin, is fiontar sóisialta muid agus tríd an chaifé agus an siopa earraí atá againn tá muid in ann infheistíocht a dhéanamh ar an bhrabús a dhéanann siad chun cuidiú linn leis na costais reatha atá againn.
C: Cad iad na dúshláin is mó a bheidh romhaibh amach anseo?
F: Is é an dúshlán is mó atá romhainn faoi láthair ná go leor tacaíocht a fháil chun freastal ar an éileamh atá ann ón phobail. Agus pobal na Gaeilge ag fás agus an líon na bhfoghlaimeoirí ag ardú gach bliain tá sé iontach deacair orainn freastal orthu uilig agus na seirbhísí uilig a atá uathu a sholáthar. Tá muid ag déanamh ár ndíchill i gcónaí chun teacht ar mhaoiniú breise agus acmhainní breise chun tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil don phobal idir dhaoine óga agus daoine fásta. Mar gheall go bhfuil muid ag feidhmiú san earnáil dheonach bíonn sé deacair teacht ar dhaoine a bhfuil an t-am acu cuidiú linn leis an chlár oibre.
C: Cad é atá i ndán do bhur ngrúpa ins na blianta amach romhainn?
F: Tá muid ag dúil is go mbeidh muid in ann tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil don phobal agus
go mbeidh muid in ann cur le Páirc na Mara mar Lárionad Gaeilge dóibh. Chun é sin a
dhéanamh is é an príomhsprioc atá againn sna blianta amach romhainn agus le bheith in ann tuilleadh ball foirne a fhostú chun cuidiú linn ár spriocanna agus ár gclár oibre a bhaint amach.
C: Má átá duine ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cuidiú le bhur ngrúpa nó a bheith páirteach ins an obair a dhéanann sibh, cad é mar is féidir leo sin a dhéanamh?
F: Níl le déanamh acu ach teagmháil a dhéanamh linn trí na meáin, Facebook nó Instagram,
ríomhphost a sheoladh chugainn ag boircheiochtar@gmail.com, scairt a chur orainn ag
02843768784 nó bualadh isteach chugainn san ionad anseo chun suim a léiriú. Tá muid i gcónaí ar lorg daoine a bheas in ann cuidiú linn ár gcuid spriocanna a bhaint amach.