Site logo

Siamsaíocht Ghaeilge ag Electric Picnic – Clár ar fáil anois

Tá chomhchlár d’imeachtaí gaelacha ag an fhéile Electric Picnic eisithe ag Glór na nGael agus Conradh na Gaeilge.  Beidh rogha iontach de shiamsaíocht trí Ghaeilge ag slua na féile i mbliana leis An Phuball Gaeilge ar ais don 11ú bliain as a chéile agus ardán speisialta don bhliain seo “Bliain na Gaeilge sa ChollChoill”.

Tá PDF ar fáil anseo anois den chlár siamsaíochta a bheas ag an dá ardán sin, mar aon le léarscáil de láthair na féile a léiríonn na láithreacha ghaelacha, an láthair champála Ghaeltachta ina measc.

“Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an áis seo foilsithe againn a bheas ina chuidiú ag Gael agus eile teacht ar an chuid is fearr de shiamsaíocht na féile trí Ghaeilge.  Tá frása nó dhó ann chomh maith don duine ar bheagán Gaeilge chun go mbeadh sé in ann cúpla focal a úsáid ag an fhéile má théann na láithreacha ghaelacha seo i bhfeidhm air,” a deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Pobail le Glór na nGael.

I measc buachphointí na bliana seo ag An Phuball Gaeilge beidh Kneecap, Rónán Ó Snódaigh, Emma Ní Fhíoruisce, Síomha, Na Hot Toddies agus tuilleadh á chur i láthair i gcomhar le páirtnéirí éagsúla.  “I mbliana beidh ionchuir sa tionscadal ó Raidió na Life, Raidió Fáilte, Glór na nGael, Imbolc, RTÉ agus An Cabaret Craiceáilte i measc grúpaí eile.  Tá clár iontach curtha le chéile againn arís agus tá muid ag súil go mór anois le tús na féile.  Tréaslaím le Rossa Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe a bhunaigh An Puball Gaeilge 11 bliain ó shin agus a choinnigh ár dteanga ar chlár na féile gach bliain ó shin.”