Tá áthas ar Ghlór na nGael go mbeidh an Seomra Teaghlaigh ar bun mar is iondúil ag Oireachtas na Samhna le clár leathan imeachtaí leagtha amach.
Beidh Ceol, Scéalaíocht, Cluichí, Maisiú, Rince, Ealaín agus Greann san Ionad Fóillíochta in Óstán an Gleneagle ar an Déardaoin agus an Aoine (1 agus 2 Samhain) idir 10:00 agus 17:00.
Beidh imeachtaí ann oiriúnach do theaghlaigh le páistí nó le déagóirí. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl, beidh Cúinne Spraoi le bréagáin agus Linn Liathróidí ar fáil do leanaí óga faoi bhun 5 bliana d’aois. Beidh cluichí boird, ábhair ealaíne, leabhair agus eile ar fáil chomh maith do gach aoisghrúpa chomh maith le cuairt ó Giggles an chábóg ar an dá lá agus an seó ‘Ballet Poulet’ ó mhuintir Fanzini ar an Aoine.
Clár iomlán: