Súil siar ar an Seomra Teaghlaigh ag Oireachtas na Samhna 2025

Bhí dhá lá den chéad scoth ag an Rannóg Theanga Tí sa Seomra Teaghlaigh ag Oireachtas na Samhna 2025. Bhí an Seomra Teaghlaigh lonnaithe san Ionad ICC i mBéal Feirste i mbliana agus bhí ráth nach beag air. I mbliana don chéad uair bhí an deis againn obair i gcomhpháirtíocht leis an Droichead (Ionad Teaghlaigh atá lonnaithe i mBéal Feirste) agus chuir siad go mór leis an eispéireas agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo as ucht na hiarrachtaí a bhí déanta. 

Bhí tús suaimhneach againn ar an chéad lá le Ciarán Mac Fheargúsa ag déanamh seisiún Ióga leis na páistí ar fad agus ansin tháinig Ciara Nic Riocáird isteach agus rinne sí rannta agus dánta leis na páistí. Bhí meascán deas againn de cheol agus damhsa agus ansin bhí péinteáil aghaidhe agus ceardlann ealaíne againn le Tríona Ní Bhradaigh. Bhí saor spraoi ann i rith an lae agus chuir muid críoch leis an chéad lá le seisiúin ‘Legó le Chéile’ leis an fhoireann ó An Droichead. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Giggles an Fear Grinn ach an oiread. Bhí Giggles againn don dá lá agus mar is gnáth bhí an chraic go maith leis agus choinnigh sé na páistí sásta agus lán le fuinneamh i rith an lae. 

Thosaigh an dara lá le Scéalaíocht le Máire Zepf agus ansin bhí Maidin Chaife againn – thug sé seo an deis dúinn airgead a thiomsú dár bhfeachtais ‘Ná Dún do Shúile’. Ina dhiaidh seo, seisiún ‘Baby Trad’ againn. Uair a chloig thar a bheith sultmhar a bhí ann do na páistí agus do na tuismitheoirí – tháinig ceoltóirí traidisiúnta agus damhsóirí isteach agus bhí an deis ag gach duine páirt a ghlacadh sa spraoi. Tháinig Cleamairí Feirste isteach don chéad cheardlann ealaíne agus rinne siad seó den scoth dúinn ar fad. Ar bharr seo, bhí spás SEN ann sa seomra i rith an lae ar an Déardaoin agus ar an Aoine, chinntigh sé seo go raibh rud éigean oiriúnach ann do chách an t-am ar fad. 

Arís eile, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis An Droichead agus leis na háisitheoirí iontacha uilig a bhí linn Oireachtas na Samhna 2025. 

 

Roghnaigh do theanga / Choose your language