Site logo

Cuireann Ceannasaí Ghlór na nGael fáilte roimh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022

Ag ócáid sheolta Plean Gníomhaíochta 2018 – 2022 i nGaoth Dobhair, chuir Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, fáilte roimh na gnímh, 180 acu, atá luaite i leith forbairt na Gaeilge don chúig bhliain romhainn.

 

“Tá moladh mór ag dul d’fhoireann Roinn na Gaeltachta agus do Aire na Gaeltachta, Joe McHugh TD, as ucht an cháipéis seo a fhoilsiú agus as ucht na hoibre a cuireadh isteach inti.

Tá féith na páirtnéireachta, idir eagrais Stáit, agus idir eagrais Stát agus eagrais dheonacha, le braith sa phlean.  Tá an gné páirtnéireachta seo den phlean fíor thábhachtach d’fheidhmiú an phlean agus do thodhchaí na teanga trí chéile.

 

“Is ábhar sástachta do Ghlór na nGael go bhfuil “An Teaghlach” luaite go sonrach sa cháipéis agus go n-aithnítear an obair seo mar “chloch choirnéil”  Is cóir a aithint go bhfuil sár chomhoibriú ar bun cheana féin idir Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Muintearas, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Oidhreacht Chorca Dhuibhe agus Ghlór na nGael maidir le forbairt úsáid na Gaeilge i measc Teaghlaigh.  Tá Glór na nGael ag súil go mór le bheith ag comhoibriú le feidhmeannnas na Roinne ar an abhar seo agus ar ábhair eile sa tréimhse 5 bliana romhainn.

 

“Agus é a déanamh a chur i láthair, chuir Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir Gaeilge na Roinne, in iúl nach bhfuil an plean greanta i gcloch agus go dtiocfaidh forbairt ar an bplean seo de réir mar a thagann tuilleadh maoinithe i dtreo na Roinne. Tá an gné forbartha seo den phlean fíor thábhacht  do Ghlór na nGael, toisc go mbeidh an eagraíocht ag brú forbairt scéimeanna dá cuid chun cinn, ina measc, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha – https://www.glornangael.ie/clg/.“ a dúirt Mac Gabhann.

 

Chuir Lorcán Mac Gabhann in iúl, go mbeidh Glór na nGael ag súil go mór le bheith ag comhoibriú le Roinn na Gaeltachta agus na hudaráis chuí eile i bhfíorú spriocanna an phlean cúig bliana seo.