Sheol an láithreoir spóirt Gráinne McElwain aip nua inniu a bheas ina áis thábhachtach agus luchmhar ag clubanna atá páirteach i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, nó ag aon duine eile a chuireann spéis sa teanga.
Tá an aip ar an dá ardán, Android agus Apple.
Ina theachtaireacht le linn an tseoladh dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Seán Ó hÓráin gur áis iontach í an aip seo a chabhróidh leis na clubanna agus lena mbaill ar fud na tíre agus iad ag cur chun cinn na Gaeilge sa chlub. “Tá sé iontach go mbeidh go leor achmhainní, nuachta agus scéalta maidir le himeachtaí an Chumainn le fáil ann” a dúirt sé.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, go raibh aip nua na Fondúireachta ann chun gach eolas agus áiseanna den scoth a chur ar fáil do bhaill maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna clubanna. “Is í an áis is fearr liomsa san aip seo ná na físeáin a dhéanann cur síos ar an bpleanáil teanga ar an leibhéal is bunúsaigh, agus iad dírithe ach go háirithe ar tús a chur le plean teanga i gcomhthéacs an chlub” a dúirt Mac Gabhann. Ghabh sé buíochas le Roinn na Gaeltacha, Foras na Gaeilge, foireann Pháirc an Chrócaigh, Uachtarán CLG Seán Ó hÓráin agus le foireann Ghlór na nGael, ag rá nach mbeadh an Fhondúireacht chomh láidir is atá gan a dtacaíocht.
D’fháiltigh Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG, Seosamh Mac Donncha roimh an aip ar a bhfuil fáil ar eolas ar an Fhondúireacht féin agus ar an fhoireann atá ag obair i ngach réigiún. Beidh an nuacht ar fad ann mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge agus leis an spóirt, chomh maith le nuacht thábhachtach maidir le rannpháirteachas do chlub san Fhondúireacht.
Taobh le foclóir cuimsitheach spóirt, tá físeáin Gaeilge ar an traenáil agus scileanna spóirt, gearrscannáin agus ceachtanna teanga. Tá podchraoltaí, áiseanna foghlamtha agus teagaisc, eolas ar an phleanáil teanga agus ar eagraíochtaí agus pobal na Gaeilge.
Tá féilire ann le dátaí tábhachtacha i mbliain na Fondúireachta agus cuirfear brúfhógraí chuig úsáideoirí chun nach ndéanfar dearmad ar spriocdhátaí go deo.
Tá go leor eolais agus áiseanna an-úsáideacha ar an aip anois agus beidh muid ag cur leis i gcónaí le go mbeidh sé ina stór mór, luachmhar ag pobal na Fondúireachta agus ag pobal na Gaeilge.
Eolas faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn bealach amháin nó bealach eile. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná na hiarrachtaí sin a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfidh Glór na nGael cuidiú ar fáil don Oifigeach Gaeilge i bhfoirm chomhairle, tacaíochta agus idéanna le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.
Bunaíodh an Fhondúireacht in 2017. Go dáta tá 196 club páirteach inti.