Bhí deis ag an rannóg theaghlaigh de chuid Ghlór na nGael, Teanga Tí, a bheith ag tacú leis an rannóg phobail agus iad i mbun seisiún eolais faoin dara bhabhta den scéim deontais de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Cuireadh na seisiúin eolais seo ar fáil do na clubanna CLG sin atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana.
Sa bhabhta seo den scéim deontais, tá dhá réimse oibre i gceist:
Chuir an rannóg phobail ceithre sheisiún eolais ar fáil ar líne inar thug siad cur síos ar an phróiseas atá i gceist leis, cén dóigh le cur isteach ar an deontas agus eolas agus smaointí ó thaobh imeachtaí a dtiocfadh leo eagrú leis an deontas seo.
Agus an babhta seo ag díriú isteach ar theaghlaigh, bhí na hOifigigh Forbartha Theanga Tí agus Bainisteoir na rannóige, Marcas Mac Ruairí, i láthair ag na seisiúin agus é mar aidhm acu comhairle a thabhairt maidir le himeachtaí teaghlaigh agus samplaí d’imeachtaí teaghlaigh atá eagraithe acu a roinnt.
Bhí deontas suas le €500 ar fáil sa bhabhta seo, bunaithe ar mhaoiniú meaitseála ar bhonn €1 ón chlub le haghaidh gach €2 ón Fhondúireacht (€750 san iomlán).
Glacadh le hiarratais ar mhaoiniú ó chlubanna atá cláraithe do 2024 go dtí Dé hAoine 26ú Iúil ar 17:00.
Is féidir leis na clubanna tacaíocht agus comhairle a fháil ó thaobh imeachtaí de ó shuíomh Theanga Tí agus go háirithe ón leabhrán seo a thugann roinnt smaointe maidir le himeachtaí teaghlaigh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an rannóg trí ríomhphost a sheoladh chuig Marcas: marcas@glornangael.ie.
Niamh Ní Mhóra