D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige thar tréimhse dhá bhliain chun go mbeidh scoileanna
faoi leith atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann cúntóir teanga a fhostú mar chuid
den phróiseas pleanála teanga.
Is é Glór na nGael a bheidh freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne. Táthar ag súil leis go mbeidh suas le 27 scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge
sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann leas a bhaint as an mbeart seo a thosófar á chur i
bhfeidhm láithreach. Meastar go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil.
Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóirí teanga i mbun oibre faoi
scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú
le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Is céim mhór chun cinn é an beart seo atá á dhéanamh mar thaca breise d’fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga. Tá an próiseas sin – atá faoi stiúir
fhoriomlán na Roinne, faoi lán seoil anois sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas. Is údar áthais dom mar Aire Stáit na
Gaeltachta a bheith in ann é seo a dhéanamh. Creidim go láidir gur chóir a bheith tacú leis an Gaeilge ar an gcaoi seo.”
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael:
“Is cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag an scéim seo ar fhorbairt na teanga sna scoileanna a bheidh rannpháirteach. Is buntáiste iontach luachmhar do na pobail sna
bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge a bheidh ann. Tá muid ag súil go mór a bheith ag obair leis na coistí pobail, scoileanna, tuismitheoirí agus le
príomhoidí sna ceantair seo. Is cuid eile den phleanáil teanga é seo a cheanglaíonn le scéimeanna eile Ghlór na nGael ar nós Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha,
Céimeanna, Gradaim Gnó na hÉireann, Teanga Tí agus Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.”
Is i gcomhréir le bearta 2.13, 2.14 agus 2.17 an Phlean Gníomhaíochtaí don Ghaeilge 2018-2022 ( gov.ie – Plean Gníomhaíochta 2018-2022 (www.gov.ie) ) atá
an ciste Roinne á cheadú faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.