Sheol an tAire Pobal, Deirdre Hargey an scéim nua GRADAIM Gnó na hÉireann go hoifigiúil inniu, 25 Samhain 2021, i mBéal Feirste, Is scéim nua í GRADAIM a chuirfidh an Ghaeilge go mór chun tosaigh sa ghnó sna blianta romhainn. Is ag ionad nua Teach Mhamó a rinne sí an scéim a sheoladh, ionad Cúraim Leanaí le Gaeilge ar Bhóthar an Ghleanna, Béal Feirste.
Dúirt an tAire Hargey: “Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí i gcur chun cinn na Gaeilge agus spreagfaidh an scéim seo iad chun é sin a dhéanamh. Cuireann úsáid na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó deis ar fáil don phobal gnó agus don phobal i gcoitinne. Ar fud an tuaiscirt, faigheann breis agus 7,000 páiste a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, méadú 60% thar na deich mbliana 2011-21. Seo iad ár gcuid custaiméirí amach anseo.”
Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Bronnfar na gradaim ar ghnóanna as méid áirithe a dhéanamh maidir le úsáid na Gaeilge faoi thrí mhór-réimse, mar atá 1. Comharthaíocht 2. Brandáil agus Margaíocht 3. Seirbhís Ghaeilge do Chustaiméirí & Cliant. Cuirfidh aitheantas ó GRADAIM le fios don phobal go bhfuil caighdeán áirithe bainte amach ag an ghnó sna réimsí sin.
Is é Glór na nGael, ceanneagraíocht Ghaeilge le freagrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó atá ag riarú na scéime seo.
Tá 62 grúpa pobail Gaeilge fud fad na hÉireann cláraithe le Glór na nGael chun cuidiú leis an scéim a chur i bhfeidhm go háitiúil agus tá 22 acu sin ó thuaidh (33 in Uladh). Tá 6 grúpa acu i mórcheantar Bhéal Feirste. Déanfaidh siad gnólachtaí a chlárú leis an scéim agus cuirfidh siad cuidiú agus comhairle ar fáil dóibh agus iad ag obair tríd an liosta de ghníomhaíochtaí molta.
Faoi dheireadh 2022 tá Glór na nGael ag súil go mbeidh 200+ gnólacht cláraithe leis an scéim agus go mbeidh tionchar mór ag GRADAIM ar nósanna úsáide teanga in earnáil an ghnó sna blianta atá le teacht.
Bronnadh gradam aitheantais inniu ó Ghlór na nGael ar Theach Mhamó, ionad Cúraim Leanaí ar Bhóthar an Ghleanna, Béal Feirste, mar ghnó atá ag cur fís na scéime GRADAIM chun tosaigh go laethúil ó osclaíodh na doirse ann seacht bliain ó shin.
Is féidir le gnólachtaí clárú anois chun bheith páirteach sa scéim ag gradaim.ie agus bronnfar an chéad babhta de ghradaim ag ócáid i dtreo dheireadh 2022.
Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó, “Tá áthas orm go bhfuil scéim deartha agus i bhfeidhm againn anois a rachaidh i bhfad chun áit a chinntiú don Ghaeilge sa ghnó. Is iontach an áis í dúinn scéim náisiúnta, aitheanta bheith ann mar spreagadh agus mar threoir don lucht ghnó leis an Ghaeilge a chur chun chun tosaigh. Comhartha aitheanta a bheas i GRADAIM a chuirfidh in iúl don chustaiméir cá mbíonn teacht ar leibhéil eagsúla seirbhíse le Gaeilge ina gceantar féin.”
Aithníonn Glór na nGael ionchur na heagraíochtaí seo a leanas i bhforbairt straitéise don réimse ghnó agus i bhforbairt na scéime seo: Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Gnó Mhaigh Eo, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Gaillimh le Gaeilge, Gael Taca, Comhairle Contae Chiarraí, Dún Garbhán le Gaeilge, Líonra Leitir Cheannainn, An Clár as Gaeilge agus Muintir Chrónáin.