Tá Glór na nGael ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh bhabhta 3 den scéim i 2019.
Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail agus imeachtaí a chuireann úsáid agus foghlaim na Gaeilge chun tosaigh i measc an chlubphobail. Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón chiste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €500 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €750 san iomlán le caitheamh ar thionscadal le bunsíntiús an chlub san áireamh. Tionscadail ar leith/sa bhreis ar chlár oibre 2018 a bheas incháilithe sa bhabhta seo, mar shampla, áiseanna teanga a cheannacht, comharthaíocht bhuan Ghaeilge a chur in airde sa chlub, suíomh idirlín a aistriú, leabhair/dlúthdhiosca a fhoilisiú, imeacht Nollag le Gaeilge a eagrú, srl. Is gá don iarratas a bheith réidh faoi 5:00in ar Aoine 1 Samhain 2019.
Déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha áitiúil ag Glór na nGael chun foirm iarratais a fháil maraon le heolas ar théarmaí agus ar choiníollacha na scéime. Tá an maoiniú seo ar fáil ag clubanna atá cláraithe amháin.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha buíoch as tacaíocht airgid i dtreo na scéime seo ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ón Chumann Lúthchleas Gael agus ó Fhoras na Gaeilge.