Scéim deontais Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha oscailte!

Tá an dara bhabhta de scéim deontais FSMD na bliana seo oscailte faoi láthair.
Tá an deontas dírithe ar chlubanna atá cláraithe leis an fhondúireacht do 2024, agus tugann sé deis dóibh tograí teangabhunaithe a fhorbairt agus a neartú ina gcuid cumainn.

Ó cuireadh tús le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in 2017, tá luach deontais de os cionn €530,000 bronnta ar chlubanna na scéime. Mar thoradh ar an infheistíocht seo tá ranganna Gaeilge, dianchúrsaí, imeachtaí teaghlaigh, imeachtaí óige agus deiseanna eile úsáide teanga a sholáthar ag clubanna fud fad na tíre.  

Sa bhabhta reatha tá dhá réimse oibre i gceist leis an deontas: 

a)  Gréasán teaghlaigh a thógáil trí sraith d’imeachtaí rialta trí Ghaeilge
b)  Labhairt na Gaeilge ar bhonn laethúil – deiseanna úsáide rialta 

Deontas suas le €500 atá ar fáil sa bhabhta seo, bunaithe ar mhaoiniú meaitseála ar bhonn €1 ón chlub le haghaidh gach €2 ón Fhondúireacht (€750 san iomlán).

Glacfar le hiarratais ar mhaoiniú ó chlubanna atá cláraithe do 2024 go dtí Dé hAoine ag 26ú Iúil ag 17:00. Is féidir foirm iarratais a fháil trí teagmháil a dhéanamh linn ag clg@glornangael.ie 

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie 

Roghnaigh do theanga / Choose your language