Saoire Ghaeltachta den scoth ag Teaghlaigh Ghaeilge Theanga Tí

Tháinig 43 teaghlaigh Ghaeilge le céile i gCiarraí ar 12 Lúnasa chun seachtain a chaitheamh le chéile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Tháinig siad ón uile charn den tír chun an t-am a chaitheamh le chéile i mbun spraoi, ceoil, craic agus eachtraíochta.

Más 43 teaghlach a bhí ann, eagraíodh 43 imeacht le linn don seachtain, in measc imeachtaí cois farraige, surfáil, spraoi ar an trá, ceardlanna cócaireachta, ealaíon, siúlóidí treoraithe, scileanna peile agus iománaíochta ar an trá, marcaíocht chapaill agus níos mó, le himeachtaí do pháistí ag gach aoisghrúpa.

Is imeacht bliantúil é an tSaoire Ghaeltachta, a tharlaíonn ar an dara seachtain mí Lúnasa. Stopann roinnt de na teaghlaigh le chéile i mBrú na Gráige agus teaghlaigh eile i nDún Chíomháin, áras de chuid Ollscoil na hÉireann Chorcaí i mBaile an Fheirtéaraigh. Bíonn teaghlaigh eile ag socrú a lóistín féin sa cheantar.

Tagann na rannpháirtithe ar ais arís agus arís de bharr go mbíonn an tseachtain chomh taitneamhach sin.

Agus ní nach ionadh go dtagann siad ar ais gach bliain mar go maíonn na páistí féin gurb é seo buaicphointe na bliana dóibh. Cuireann siad aithne ar a chéile, fásann cairdeas eatarthu; bíonn siad ag dúil a chéile a fheiceáil arís.

Agus ar ndóigh, leis na meáin shóisialta, bíonn siad i dteagmháil lena chéile i rith na bliana.

Is ócáid lán-Ghaeilge é seo agus ní cheadaítear Béarla ag na himeachtaí.

Eagraíonn Glór na nGael an tSaoire Ghaeltachta mar chuid den scéim Theanga Tí. 

Is féidir tuilleadh eolais faoin tSaoire Ghaeltachta a fháil ar marcas@glornangael.ie nó trí ghlao a chur ar Mharcas Mac Ruairí ar 086 171 9755.

Marcas Mac Ruairí

Roghnaigh do theanga / Choose your language