Saoire Ghaeltachta 2026

Tá áthas ar Ghlór na nGael go mbeidh ár Saoire Ghaeltachta ar ais i gCorca Dhuibhne arís i mbliana. Beidh sí ar siúl ón Domhnach 9 Lúnasa go dtí an Satharn 15 Lúnasa 2026. 

Tugann an tSaoire deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo.

Beidh muid lonnaithe arís i gColáiste Íde i mbliana, lasmuigh den Daingean. D’fhreastail níos mó teaghlaigh anuraidh ná ariamh agus táimid ag dúil leis an fhás chéana arís.

Tá roinnt clár na n-imeachtaí á bheachtú again go fóill ach tá dóchas againn go mbeidh ceardlanna ealaíne, turas chuig na Blascaodaí, spraoi ar an trá, marcaíocht chapaill, turas chuig na Hurdy Gurdy’s agus níos mó ann. 

Cuirfear lóistín ar fáil i gColáiste Íde féin, áit a bhfuil idir seomraí príobháideacha agus suanliosanna.  Is fearr le roinnt teaghlaigh a gcuid socruithe féin a dhéanamh agus freastal ar na himeachtaí.

Ta clár na n-imeachta,i á bheachtú anois. Beidh amanna na n-imeachtaí comhordaithe chun nach mbeidh siad ag teacht salach ar am na mbeiltí. Má tá aon moltaí agaibh maidir le imeachtaí, cuir ríomhphost chug rut@glornangael.ie

Is iad costas na seachtaine ná:

  • leaba agus bricfeasta an duine fásta seomra teaghlaigh   €40 an oíche x 6  = €240 an duine
  • leaba agus bricfeasta an duine fasta i suanlios    €35 an an oíche  x 6 oíche = €210 an duine
  • leaba agus bricfeasta an páiste (4-17) i seomra teaghlaigh €25  x 6 oíche = €150 an duine
  • leaba agus bricfeasta  an páiste (4-17) i suanlios €20 an oíche x 6 = €120 an duine
  • Páistí faoi thrí saor in aisce
  •  Dinnéar cuairteoir lae (fásta)    €15
  • Dinnéar cuairteoir lae (faoi 18) €10 

Is iad na cuairteoirí lae na daoine sin nach bhfuil ag fanacht thar oíche sa Choláiste. 

Beidh costas breise ann freastal ar imeachtaí ar leith.

Tá éarlais de €50 le híoc ag gach teaghlach chun áit a chur in áirithe ar an tSaoire Ghaeltachta.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le clárúchán, déan teagmháil le Rút Ní Mhurchú ar rut@glornangael.ie

Roghnaigh do theanga / Choose your language