Saoire Ghaeltachta 2025 i gColáiste Íde

Tá lúcháir ar Ghlór na nGael a fhógairt go mbeidh ár Saoire Ghaeltachta do Theaghlaigh ais ón 10-16 Lúnasa 2025, agus i mbliana agus tá roinnt athruithe spreagúla le teacht!

Don bhliain 2025, tá lúcháir orainn athlonnú go Coláiste Íde, ionad iontach a ligfidh dúinn fáilte a chur roimh níos mó teaghlaigh agus a thabharfaidh níos mó spás dúinn. Tógann an spás seo suas go 150 duine agus beidh bricfeásta, dinnéir is suipeár san áireamh leis.

I 2024, d’fhreastail 45 teaghlach, idir daoine le lóistín a cuireadh ar fáil agus lóistín príomháideach ar an saoire seo agus táimid dóchasach go mbeidh sé mar sin i 2025 nó níos mó. 

Táimid  ag tnúth le clár lán spraíúil gníomhaíochtaí, ar nós cadhcáil, ceardlanna ealaíne, damhsa céilí, Zumba, spóirt uisce, spraoi trá, agus go leor eile. Is cuma an bhfuil tú ag iarraidh a bheith gníomhach nó go simplí taitneamh a bhaint as comhluadar maith i dtimpeallacht lán-tumtha Gaeilge, tá rud éigin do chách ag an saoire seo.

Is seachtain é seo atá dírithe ar teaghlaigh lán Ghaeilge

Eolas Praghsanna

Seo a leanas an costas lóistín, bia agus clárúcháin:

  • Daoine Fásta: €290*
  • Páistí (2+): €210*
  • Leanaí faoi 2: €20 (bia amháin)*
  • Teaghlach de 4: €980 (2 dhuine fásta amháin)*
  • Teaghlach de 5: €1,090 (2 dhuine fásta amháin)*
  • Teaghlach de 6: €1,240 (2 dhuine fásta amháin)*

Is gá éarlais €100 a íoc ag ag an nasc thar oíche le bia roimh an 10ú Feabhra chun do spás a dheimhniú.

*Is gá go mbeidh duine amháin sa teaghlach faoi 18 chun fanacht ar an suíomh

Clárú gan lóistín is bia: 

Táille clárúcháin €55 (clúdaíonn sé árachas agus roinnt imeachtaí i rith na seachtaine)

Is féidir clárú ag cuairteoirí lae.

 

Bígí linn do seachtain iontach ag ceiliúradh na Gaeilge agus an chultúir Ghaeilge i dtimpeallacht tacúil fáiltiúil. 

Tá spásanna teoranta, mar sin bí cinnte áirithint a dhéanamh go luath!

Chun  tuilleadh eolais a fháil agus le d’áit a chur in áirithe, déan teagmháil le Elaine Dold ag 086 165 5053 nó elaine@glornangael.ie.

Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhat agus le do theaghlach le haghaidh taithí Gaeltachta nach ndearmadfar!

 

*Beidh éarlais €100 le híoc agus ina dhiadh sin beidh plean íocaíochta leagtha amach gach mhí:

  • Feabhra 10ú- Éarlais €100 (neamh in-aisíocta)
  • Márta 31ú – €150 
  • Aibreáin 30ú- €150
  • Bealtaine 31ú-€150 
  • Meitheamh 30ú- €150 
  • Iúil 15ú – iarmhéad

Roghnaigh do theanga / Choose your language