Site logo
Beidh Saoire Gaeltachta 2021 ar siúl i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí ón 7-14 Lúnasa 2021.
Tabharfaidh an tsaoire seo deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile, agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo.
De bharr Covid 19, beidh spásanna teoranta i mbliana chun tacú le sábháilteacht na rannpháirtithe. Tabharfar tús áite do theaghlaigh a bhí páirteach sa Saoire Gaeltachta go rialta cheana féin. Is imeachtaí taobh amuigh amháin i ngrúpaí beaga a bheidh ar siúl, de réir treoracha an rialtais. Beidh costas idir €0 go €40 an duine ar na himeachtaí, ag brath ar an imeacht atá i gceist.
Chun áirithint a dhéanamh, nó breis eolais a fháil, déan teagmháil le cabrini@glornangael.ie.
Ní chuirfear aon lóistín ar fáil agus beidh ar theaghlaigh a gcuid lóistín féin a chur in áirithint.
Leanfar pé rialacha agus moltaí atá leagtha síos ag an rialtas ó thaobh scaradh sóisialta, mascanna a chaitheamh agus eile.