Bhí siamsaíochta agus craic ag Teanga Tí sa Seomra Teaghlaigh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite.
D’fhreastal suas go 180 teaghlach, níos mó na 400 duine, ar imeachtaí an tseomra thar an dá lá in Óstán an Gleneagle.
Is buaicphointe náisiúnta é an tOireachtas i bhféilire na Gaeilge agus tugann an Seomra Teaghlaigh deis do theaghlaigh atá ag freastal air, a theacht le chéile.
Agus má tá an tOireachas ag croílár imeachtaí Gaeilge, bíonn Giggles an fear grinn ag croílár na n-imeachtaí do theaghlaigh. Thug sé spraoi agus ruaille buaille leis go Ciarraí, ar bhain idir páistí agus a dtuismitheoirí sult as.
Ar ndóigh, ní rí rá amháin a bhí ann agus le scéalaíocht ó Julie-Anne de Brún, peinteáil aghaidhe le Michelle Nic Gabhann agus Seó Puipéad le Niamh Ní Argáin (a chur ceardlann puipéad ar siúl tar éis a seó) bhí imeachtaí níos séimhe ann chun gach duine a chur ar a suaimhneas.
Taobh leis na himeachtaí eagraithe sin, bíonn deis ag teaghlaigh suí síos le chéile chun cluichí boird a imirt, ceardaíocht nó ealaín a dhéanamh.
Bíonn an Seomra Teaghlaigh á eagrú ag Glór na nGael le linn an Oireachtais go bliantúil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ach ríomhphost a chur chuig marcas@glornangael.ie.