Ról an tuismitheora sa phróiseas foghlaim cainte
Tá foghlaim na cainte ar cheann de na sileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí.
Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas. Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh siad féin ina gcainteoirí maithe, lán mhuinín agus sásta leo féin.
Ba chóir bheith ag caint le páistí i rith an lae ar a bhfuil ar siúl agat, nuair a bhíonn tú á gcothú, á bhfolcadh, ag athrú an chluidín nó eile.
Nuair a éireoidh siad níos mó agus caint ag teacht chucu féin, éist leis an pháiste go cúramach agus tabhair seans dóibh críochnú dá bhfuil á rá acu.
Má deir siad rud go mícheart, déan é a athrá ar an mbealach ceart.
Bí ag amharc ar an teilifís le chéile le go mbeidh sibh ábalta comhrá a dhéanamh faoina tharlaíonn sna cláracha.