Tá clár siamsaíochta iomlán don Phuball Gaeilge ag Electric Picnic 2017 seolta inniu agus tá áthas orainn go bhfuil Glór na nGael mar phríomhpháirtnéir arís ag lucht eagraithe na siamsaíochta.
Tá clár lán le ceol, ealaíon, cainteanna agus greann a chuirfidh ár dteanga féin chun tosaigh ar bhealach siamsúil ag croí lár phríomhfhéile na tíre an samhradh seo.
Tá Aeons, Seo Linn, Super Céilí, Círéib, Árchú, Dysania, Polca 4, dráma le Fíbín, Gaelgáirí -fuirseoirí le Gaeilge, Imbolc – Ted Talks Na Gaeilge, An Cabaret Craiceálta le Rónán Mac Aodh Bhuí agus tuilleadh i measc buachphointí an chláir i mbliana.
Buail isteach chuig An Puball Gaeilge ar an láthair ‘Mindfield’. Tosaíonn an siamsaíocht ag 5:00in ar Aoine 1ú Meán Fómhair agus leanfaidh an chóisir ar aghaidh go dtí go mall oíche Dhomhnaigh!