Site logo

Sara Ní Chuireáin

Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Sara Ní Chuireáin ó dhúchas.  Tá Céim Bhaitsiléara i nGaeilge aicí ó Ollscoil Uladh. Roimh post a fháil le Glór na nGael d’oibrigh sí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus le Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i Co. An Dúin. Bhí sí ar choiste Foyle Pride i nDoire agus tá sí mar oifigeach Gaeilge ag CLG Ghaoth Dobhair. Thosaigh sí mar Oifigeach Forbartha le Glór na nGael sa rannóg pobail i 2019. Ceapadh Sara ina bainisteoir ar Scéim na gCúntóirí Teanga i 2023.