Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin
Posted On May 6, 2022
0
Rugadh Ceithleann i mBaile Átha Cliath ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Tá sí ag obair mar Oifigeach Forbartha sa Rannóg Teaghlaigh ‘Teanga Tí’ agus í ag freastal ar réigiún an Oirthuaisceart. Tá máistreacht aici i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, agus bunchéim sa Ghaeilge agus an Léann Éireannach. Chaith sí nach mór trí bliana ag obair le Gael Linn i mBaile Átha Cliath leis an scéim ‘Gaelbhratach’ agus le scéimeanna oideachasúla na heagraíochta. Roimhe sin chaith sí seal ag obair le Cois Life, An Siopa Leabhar agus Apple. Tá Ceithleann mar mheantóir le Gaeltacht UCD agus tá sí mar bhall de chomhairle lucht féachana TG4. Tá suim aici sna meáin, sa cheol agus is maith léi a bheith ag taisteal.
Trending Now
Bainisteoir ceaptha ar Scéim na gCúntóirí Teanga
March 25, 2023
Nuachtlitir Theanga Tí 3 Márta 2023
March 3, 2023