Caitríona Nic Seoin
Posted On Eanáir 22, 2018
0
Is as Gleann Cholm Cille i nGaeltacht Iardheisceart Co. Dhún na nGall do Chaitríona Nic Seoin. Tá Céim Bhaitsiléara i nGaeilge & Dlí aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Céim Mháistir i bPleanáil Teanga. Bhí sí cúig bliana mar Oifigeach Forbartha Teanga le Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille agus dhá bhliain le Foras na Gaeilge i nGaoth Dobhair sula thosaigh sí le Glór na nGael. Mar Oifigeach Caidrimh Poiblí & Oifigeach Gaeilge le CLG Naomh Columba ar feadh seacht mbliana, bhí sí lárnach in eagrú Comórtas Peile na Gaeltachta 2008. Craolann sí fógraí óna ceantar dúchais do Camchuairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Trending Now
60Glór - Saothar ealaíne - Cuireadh d’ealaíontóirí
Eanáir 15, 2021
Nuachtlitir Teaghlaigh 8 Eanáir 2021
Eanáir 8, 2021