Rugadh agus tógadh Cáit ar an Lorgain i dTuaisceart chontae Ard Mhacha. Tá céad chéim ónóracha aici sa Ghaeilge agus an Léann Cheilteach agus Máistreacht taighde i bhfoghraíocht agus fóineolaíocht na Gaeilge bainte amach aici ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chaith sí na blianta luath dá saol oibre ag obair mar chúntóir Gaeilge i meánscoileanna ó Thuaidh agus chaith sí bliain go leith ag obair mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha. Lasmuigh den obair bíonn Cáit ag imirt peile agus ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí dá club – Naomh Peadar ar an Lorgain.