Description
Agus rannpháirteachas do chlub i bFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2022 aontaithe le foireann Ghlór na nGael, is féidir an cnaipe thuas a bhrú chun clárú don bhliain. Cuirfear nasc ar fáil duit chun an fhoirm chlárúcháin a líonadh amach a luaithe agus a bheas an táille chlárúcháin íoctha. Is gá táille a íoc agus an fhoirm chlárúcháin a líonadh amach ina iomláine chun áit do chlub a chinntiú leis an Fhondúireacht. Ná bain feidhm as an chóras clárúcháin seo gan rannpháirteachas do chlub a dhearbhú le foireann Ghlór na nGael ar dtús. Thiocfadh dó go mbainfear táille díot nuair nach bhfuil áit ar an scéim le haghaidh do chlub.
Tá teorann leis an líon clubanna a chlárófar agus tabharfar tús áite don chlub is túisce le clárú mar aon le clubanna a bhí gníomhach i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha roimhe.