Tá cruinniú eolais á ghairm ag Glór na nGael maidir leis an stádas Líonra Gaeilge atá á bhronnadh ar phobail a lorgaíonn an t-aitheantas oifigiúil agus a chomhlíonann na critéir chuí.
Tionólfar an cruinniú in Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, ar an Mháirt, 30 Iúil 2019, idir 3.00i.n agus 5.00i.n.
Dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann go mbeidh an cruinniú seo oiriúnach d’aon ghrúpa gur mian leo an stádas seo a bhaint amach, luath nó mall, chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gceantair a bheadh oiriúnach do Líonraí Gaeilge.
“Tá muid ag súil go bhfógrófar tairiscint poiblí go luath a thabharfaidh cuireadh do bhailte agus ceantair eile iarratas a dhéanamh ar an stádas náisiúnta seo.” a dúirt Mac Gabhann, “B’fhiú go mór do choistí gur spéis leo an stádas a lorg an babtha seo a bheith i láthair ar an 30 Iúil.”
Cúig phobail atá gníomhach sa phróiseas seo i láthair na huaire a thabharfaidh stádas reachtúil dóibh mar Líonra Gaeilge, sin iad Cluan Dolcáin, Inis, Baile Locha Riach, Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste.
Mar chuid de chlár an chruinnithe beidh cur i láthair ó dhá ghrúpa atá sa phróiseas reatha agus déanfaidh ionadaí ó Fhoras na Gaeilge an stádas Líonra Gaeilge a mhíniú.
Foilseofar clár an chruinnithe ar www.glornangael.ie agus seolfar cóip go dtí aon grúpa a léiríonn spéis agus a dhéanann teagmháil le eoghan@glornangael.ie