Cláraigh anois le haghaidh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2018

Tá muid anois ag clárú clubanna le haghaidh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2018. Más mian leat do chlub a chlárú linn chun leas a bhaint as seirbhísí na Fondúireachta le linn 2018 moltar teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí atá againn i do cheantar féin. Féach an liosta thíos chun teacht ar na sonraí teagmhála cuí.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuireann foireann Ghlór na nGael cuidiú, comhairle agus tacaíocht ar fáil do chlubanna atá cláraithe chun pleananna a chur le chéile leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Is féidir deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú le pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.
Áine Seoighe – aine@glornangael.ie – An Lú, An Mhí , Cill Dara
Áinín Uí Chaiside – ainin@glornangael.ie – Muineachán, Ard Mhacha, An Dún, Aontrom
Cabríní de Barra – cabrini@glornangael.ie – Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Tiobráid Árainn, Cill Cainnigh
Dara Ó Baoill – dara@glornangael.ie – Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo
Nóirín Bairéad – noirin@glornangael.ie – Báile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Loch Garman
Sinéad Ní Mhearnóg – sinead@glornangael.ie – Dún na nGall, Doire, Tír Eoghain, Fear Manach
Úna Ní Chonaire – una@glornangael.ie – Sligeach, Liatrom, Ros Comáin, Longfort, An Cabhán, Iar Mhí, Uíbh Fhailí, Laois
Tá tuilleadh eolais faoin Fhondúireacht anseo