Is cúis mhór bhróin do Bhord Stiúrtha agus d’fhoireann Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil an tUas Cearúl Page tar éis báis, 21 Eanáir 2019.
Beidh aithne ag pobal na Gaeilge ar Chearúil mar bhainisteoir Ghlór na nGael ó 1979 go 1989. Bhí sé mar Bhainisteoir na heagraíochta tráth ar rinneadh forbairtí móra ar an gcomórtas agus ar struchtúr na heagraíochta. Faoina stiúir aimsíodh maoiniú breise Stáit, ó Bhord na Gaeilge, agus cuireadh le líon na foirne timireachta. Fostaíodh ceathrar timire in áiteanna éagsúla sa tír le cur le líon na gcoistí a bhí páirteach sa chomórtas agus dá réir i ngluaiseacht náisiúnta na Gaeilge. Tharla seo i bhfad roimh Oifigigh Forbartha a bheith fostaithe go háitiúil ag coistí pobal bhunaithe nó ag eagrais náisiúnta. Tá struchtúr na timireachta atá againn inniu bunaithe ar an struchtúr timireachta a bunaíodh le linn a thréimhse mar Bhainisteoir.
Stiúraigh Cearúl Page Glór na nGael go stuama agus go cúramach le linn tréimhse chorraithe, sna hOchtóidí, don Gaeilge sna 6 chontae. Le linn na tréimhse seo, tarraingníodh siar maoiniú rialtais ó choiste áitiúil Ghlór na nGael in Iarthar Bhéal Feirste, rud a ghoill go mór air.
D’fhág Chearúl rian a lámh ar ghrúpaí Gaeilge fud fad na hÉireann agus is cinnte nach mbeadh Glór na nGael sa chruth sláintiúil ina bhfuil sé inniu murach a dhílseacht agus a dhúthracht.
B’as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Cearúl Page agus is ón mbaile, áit ar tógadh le Gaeilge é, a fuair sé a ghrá agus a thiomántas don Ghaeilge.
Déanann Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, comhbhrón lena bhean chéile, Helen, lena bheirt mhac, Derek agus Alan, lena chlann sínte, lena chairde agus le pobal na Gaeilge a bhí ag plé leis thar na blianta.