Áine Seoighe
Imithe ar shlí na fírinne
Tá sé cloiste ag Bord Stiúrtha, agus ag foireann Ghlór na nGael, go bhfuil iarfhostaí dár gcuid tar eis báis.
Déanann muid comhbhrón le teaghlach agus cairde Áine, fud fad na hÉireann, as a mbris.
Chuir Áine tús lena cuid oibre le Glór na nGael ar an 16 Feabhra 2009 agus d’fhan sí ag obair san eagraíocht go dtí 2019. Is beag duine eile i saol na Gaeilge a ghin an oiread sin measa agus cairdeas fud fad na tíre i measc lucht labhartha na Gaeilge agus i measc grúpaí pobail Gaeilge ná Áine. Mar Oifigeach Forbartha le Glór bhí Áine ag plé le coistí i ngach cuid den tír, mar thimire agus mar mholtóir. Chuirfeadh Áine saothar agus breis isteach in ullmhú ‘a cuid coistí’ don mholtóireacht agus ansin ag cosaint a gcuid oibre sa phróiseas marcála. Bhí aithne aici ar shaol na Gaeilge níos fearr ná formhór againn. Tá a saíocht agus a haoibh álainn caillte orainn uilig, ní amháin i measc foireann Ghlór ach i measc pobal na Gaeilge ar fud an oileáin.
Bhí croí Áine fréamhaithe i ndaoine agus is ar an mbonn sin a thug sí faoina cuid oibre. Tháinig ‘an duine’ chun tosaigh ar an gcóras i gcónaí. Beidh cuimhne uirthi i measc na foirne mar dhuine gealgháireach, dearfach agus tiománta go deo i leith na Gaeilge.
Cuimhneoidh muid ar Áine mar duine a thug a saol don Ghaeilge agus do na daoine a bhí ag plé léi.
Ní bheidh, i bhfírinne, a leithéid arís ann.
Pat Carey Lorcán Mac Gabhann
Cathaoirleach Ceannasaí
11 Nollaig 2021