Site logo

Category: Comhairle

Aib 25
Is Féidir Linn le Gaelbhratach

Is Féidir Linn Tá acmhainn digiteach ‘Is Féidir Linn’ seolta ag Gaelbhratachatá dírithe ar dhuine ar bith ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Tá nasc chuig Is Féidir Linn ANSEO Is féidir linn le chéile!   

Iúl 12
Ag tógáil páistí le Gaeilge Taobh Amuigh den Ghaeltacht

Moltaí do Thuismitheoirí Aithnítear go forleathan dlúthcheangal a bheith idir cumas duine chun teanga a labhairt agus líon na ndeiseanna a bhíonn aige chun an teanga sin a chloisteáil agus a labhairt. Ba chóir go mbeadh sé ina phríomhaidhm ag tuismitheoirí atá ag tógáil páiste le Gaeilge gach deis a thabhairt dó ní dí an […]

Feab 12
Gríosaigh do Pháiste Chun Cainte

Is féidir le tuismitheoirí an t-uafás a dhéanamh chun cabhrú le forbairt scileanna urlabhra agus teanga a bpáistí. Seo a leanas cúpla nod a bheith ina chabhair sa phróiseas sealbhú teanga sin don pháiste. Is fiú a chuimhniú nach mbíonn gach páiste mar a chéile ach ar ar mheán bíonn siad ag rá roinnt focail […]

Feab 11
Suíomhanna Foghlamtha do Thuismitheoirí agus Páistí

Suíomhanna Foghlamtha do Thuismitheoirí agus Páistí Tá tuismitheoirí fud fad na tíre ar chumais difriúla ag foghlaim na Gaeilge taobh ar thaobh lena bpáistí. Bíonn riachtanais difiriúla fhoghlama ó theaghlach go teaghlach. Is foinsí úsáideacha tacaíochta iad na suíomhanna seo a leanas:  Saotharlann.com   Tá neart póstaeir an-dheas agus neart níos mó a bheadh oiriúnach […]

Feab 11
Buntáistí an Dátheangachais

IS IOMAÍ CÚIS a bhíonn ag tuismitheoirí a chinneann ar an Ghaeilge a labhairt sa teaghlach – cúiseanna cultúrtha, oideachasúla nó féiniúlachta. Pé cúis atá ann, tá cuid mhór buntáistí le baint as an chinneadh. Beirtear páistí le cumas an iliomad teangacha a shealbhú agus dá óige iad is amhlaidh is fearr tabhairt faoi labhairt […]

Feab 11
12 Pointe ar fiú do Thuismitheoirí iad a Thuiscint

Seo dhá rud déag ar fiú do thuismitheoirí a thuigbheáil agus maidir le tógáil clainne go dátheangach: 1 – Ní “le draíocht” a tharlaíonn sé Ní shealbhaíonn páistí dhá theanga “le draíocht.”  Samhlaítear go forleathan go bhfuil “páistí ar nós spúinsí ó thaobh teangacha de” agus go bhfoghlaimeoidh siad gach teanga a chloiseann siad go […]

Feab 11
Ról an Tuismitheora sa Phróiseas Foghlaim Cainte

Ról an tuismitheora sa phróiseas foghlaim cainte   Tá foghlaim na cainte ar cheann de na sileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí. Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas. Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh […]

Feab 11
Ag Caint le do Pháiste

Tá foghlaim na cainte ar cheann de na scileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí. Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas. Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh siad féin ina gcainteoirí maithe, lán mhuinín agus […]

Feab 11
Ag Spreagadh Páistí leis an Ghaeilge a Labhairt

Tá Béarla thart timpeall orainn gach áit agus in amanna bíonn sé deacáir ár bpáistí a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt. Seo thíos roinnt leideanna a chuideoidh leat.   Teagmháil leis an Ghaeilge Nuair atá leisc ar pháiste an mionteanga a labhairt (an Ghaeilge inár gcás in Éirinn) agus má sé nó sí ag […]

Feab 11
Plean Teanga don Teaghlach

Tá teaghlaigh ann le beirt tuismitheoir gur cainteoirí dúchais iad nach labhraíonn ach an Ghaeilge lena bpáistí. Is eiscíochtaí iad seo. Níos minice ná a mhalairt ní bhíonn an Ghaeilge ach ag duine amháin de na tuismitheoirí, nó b’fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag ceachtar acu agus cinneadh á ghlacadh go dtógfaidh […]

Feab 11
Ag Roinnt Amhráin agus Rannta

Is breá le linbh amhráin agus rannta. Is aoibhinn leo glór an tuismitheora a chloisteáil. Cabhraíonn amhráin agus rannta go mór lena scileanna labhartha agus éisteachta atá ag do leanbh a fhás agus a fhorbairt. Is é do ghlór an ceol is mó a thaitníonn le do leanbh. Mar sin abair amhráin di, fiú muna […]