Site logo

Category: Teanga Tí

Beal 12
Rath ar Lá Spraoi na Gaeilge

Bhí rath ar Lá Spraoi na Gaeilge i Leitir Ceanainn Dé Sathairn nuair a d’fhreastal na céadta ar na himeachtaí teaghlaigh. Tháinig na sluaite de níos mó ná 500 duine chuig na himeachtaí a eagraíodh ag Glór na nGael i gcomhpháirt le Líonra Leitir Ceanainn ar 11 Bealtaine. Tá Leitir Ceanainn, Baile Seirbhíse Gaeltachta, aitheanta […]

Beal 12
‘Monopoly Junior as Gaeilge’ seolta i Leitir Ceanainn

Tá áthas mór orainn a fhógairt go bhfuil Monopoly Junior, an cluiche bord iontach seo do leanaí, ar fáil anois as Gaeilge! Seoladh an cluiche ar an Satharn, 11 Bealtaine i Leitir Ceanainn, áit ar bhailigh na sluaite chun taitneamh a bhaint as ócáid spleodrach ‘Lá Spraoi na Gaeilge’ a d’eagraigh Rannóg Teaghlaigh Ghlór na […]

Beal 02
Beart tacaíochta do líonraí de theaghlaigh Ghaeilge

Tá beart tacaíochta á thairiscint ag Glór na nGael do choistí agus grúpaí ar mhaith leo líonraí de theaghlaigh Ghaeilge a fhorbairt. Mar chuid den bheartas, eagrófar ceardlann chomhairleachta do theaghlaigh chun riachtanais na dteaghlach sa cheantar a chíoradh. Tabharfaidh an cheardlann deis do theaghlaigh mianta s’acu féin a phlé agus bunús a chur le […]

Aib 26
Lá Spraoi na Gaeilge i Leitir Ceanainn – 11 Bealtaine 2024

Tá Lá Spraoi na Gaeilge á eagrú i Leitir Ceanainn ag Glór na nGael i gcomhpháirt le Líonra Leitir Ceanainn, Dé Sathairn 11 Bealtaine 2024. Ócáid mhór do theaghlaigh agus do phobal Gaeilge an Iarthuaiscirt a bheidh ann le spraoiúil saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge i lár an bhaile. Seo an tríú bhliain […]

Aib 19
Deireadh seachtaine iontach ag teaghlaigh le déagóirí i Léim an tSionnaigh

Tá lúchair ar rannóg teaghlaigh Ghlór na nGael, Teanga Tí, gur éirigh thar barr leis an chéad deireadh seachtaine do theaghlaigh le déagóirí.  Bhailigh ceithre theaghlach agus chaith siad deireadh seachtaine le chéile san ionad gníomhachta Léim an tSionnaigh, i dTír Eoghain. Is cinnte gur bhain siad idir shult agus tairbhe as an teacht le […]

Aib 12
Féile Bia Phort Láirge

Is cúis áthais é dúinn go bhfuilimid ag comhoibriú le Féile Bia Phort Láirge arís i mbliana le imeachtaí ar nós Picnic na dTeidí agus Cócaireacht le Chéile ar an Satharn 20ú Aibreán.  Maidin Shatharn, an 20ú ag a 11:00 beidh Teidí, Caibríní agus Bróna ag dul libh go Chaisleán Dún Garbhán chun picnic a […]

Aib 02
Teanga Tí agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Tá an rannóg teaghlaigh de chuid Ghlór na nGael, Teanga Tí ag comhoibriú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar Ghrúpaí Tuistí & Leanaí nua a bhunú sa chathair. Tá grúpaí nua tuismitheoirí agus leanaí ag teacht le chéile ar bhonn míosúla i leabharlanna Rath Maoinis agus Sráid Chaoimhín. Níl aon amhrás ann go mbíonn […]

Már 28
13-14 Aibreán – Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le déagóirí

Tá spásanna ag líonadh go gasta ach tá am ann go fóill clárú linn don Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le Déagóirí, Léim an tSionnaigh, Baile Uí Ghabhla, Co. Thír Eoghain, Dé Sathairn 13 – Dé Domhnaigh 14 Aibreán.   Is mó clú agus cáil atá ar an ionad gníomhachta as ucht a gcuid gníomhachtaí uathúla […]

Már 17
Gaisce Ghlór na nDéagóirí 

Beidh Gaisce Ghlór na nDéagóirí ar siúl ag an Rannóg Teanga Tí i mbliana.  Is forbairt í an scéim nua seo ar Ghaisce Ghlór a d’eagraigh Glór na nGael le cúpla bliain anuas.  Tá aithne mhaith ar Ghaisce Ghlór mar dhúshlán spraíúil le teaghlaigh a spreagadh níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile. Mar a […]

Feab 25
Scoláireachtaí Gaeltachta do Thuismitheoirí ar oscailt anois

Fáilteoidh rannóg Theanga Tí de chuid Ghlór na nGael roimh iarratais ó thuismitheoirí/chaomhnóirí gurb í an Ghaeilge teanga an tí nó a bhfuil páistí s’acu ag freastal ar Ghaelscoil agus gur mhaith leis na tuismitheoirí sin freastal ar chúrsaí chun a gcuid Gaeilge féin a fheabhsú.  Tá roinnt critéir ann a bhaineann leis an scéim;  […]

Feab 13
Deireadh Seachtaine Teaghlaigh i gColáiste na Rinne, Port Láirge

Is cúis áthais é dúinn, an Scéim Teanga Tí de chuid Glór na nGael, go mbeidh teacht le chéile álainn againn i gColáiste na Rinne ar an deireadh seachtaine seo chugainn 23-25 Feabhra 2024.  Beidh sé theaghlach déag ag fanacht ar an láthair nó le sealbhóirí tí. I measc na dteaghlach seo, tá teaghlaigh ag […]

Feab 01
Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta do Thuismitheoirí 2024 fógartha

Is cúis áthais don rannóg ‘Teanga Tí’ de chuid Ghlór na nGael a fhógairt go mbeidh Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta do Tuismitheoirí ar fáil arís do 2024. Beidh Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta do Thuismitheoirí á hoscailt go hoifigiúil againn ag deireadh mí Feabhra uair a ghlacfar le hiarratais ó thuismitheoirí gurb í an Ghaeilge teanga […]