Site logo

Category: Forbairt Pobail

Forbairt Pobail

Mei 04
Club Puball G – oíche de scothshiamsaíocht trí Ghaeilge – BÁC

Tá áthas orainn ag Glór na nGael go mbeidh fáil níos minice anois ag Gaeil ar an saghas siamsaíochta Gaeilge a chuirtear ar an ardán sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic gach bliain.  Tá ár gcara Rossa Ó Snadaigh ag eagrú Club Puball G, oíche de scothshiamsaíochta trí Ghaeilge sa Pharlús, Whelans i mBaile Átha […]

Mei 03
Scéim Deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Oscailte

Tá Glór na nGael ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh bhabhta 2 den scéim i 2019. Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail agus […]

Beal 14
Painéil daoine á fhorbairt le feidhmiú ar an Bhord Stiúrtha & ar choistí eile Glór na nGael

Tá Bord Stiúrtha Ghlór na nGael ag forbairt painéil daoine a bheadh sásta feidhmiú ar Bhord Stiúrtha, ar Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí nó ar fho-choistí eile na heagraíochta (a bhunófar ó am go ham). Tá cáipéis le gach eolas anseo: Cuireadh le bheith rannpháirteach Seol d’iarratas go dtí: lorcan@glornangael.ie

Aib 01
Coiste úr bunaithe – Co. Dhún na nGall

Tá Glór Inis Eoghain ar obair! Bunaíodh coiste úr de chuid Glór na nGael ar an Aoine 29 Márta. Bhí 22 duine i láthair ag an chruinniú i gCarn Domhnaigh agus toghadh coiste de seisear. Beidh an chéad chruinniú eile againn ar an 10 Aibreán ag 19.30 ag Clubtheach CLG Charn Domhnaigh. Beidh fáilte roimh […]

Feab 20
Folúntas – Oifigeach Forbartha

FOLÚNTAS ! An bhfuil tú tiománta don phobal? An mian leat an Ghaeilge a chur chun cinn? Seans go mbeidh spéis agat sa phost seo : Oifigeach Forbartha – Páirtaimseartha agus Painéal Leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin Feabhra 2019 Samhlaítear go mbeidh an t-iarrthóir rathúil don ról seo ag feidhmiú i mórcheantar Áth Cliath go príomha. […]

Feab 09
Duaiseanna Ghlór na nGael Bronnta Príomhbhuaiteor – Áislann Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall

Bhronn Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey agus  láithreoir RTÉ Raidió na Gaeltachta Áine Ní Churráin na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán an Ghlasáin, Co. na hIarmhí oíche Shathairn 9.02.19.  B’iad Áislann Rann na Feirste a thug an príomhdhuais ina bhaile leo: Trófaí Ghlór na nGael urraithe ag Foras na Gaeilge agus […]

Ean 28
Gradam Ghlór na nGael 2019 le bronnadh ar Shéamus agus ar Sheán Mac Sheáin.

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Gradam Ghlór na nGael 2019 le bronnadh ar Shéamus agus ar Sheán Mac Sheáin. Bronntar Gradam Ghlór na nGael ar dhuine, nó ar dhaoine, nó ar inistitiúid nó ar ghrúpa atá tar éis éacht a bhaint amach ar son na Gaeilge nó seasamh a thógáil […]

Ean 25
Scéim Deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha Oscailte

Tá Glór na nGael ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh bhabhta 1 de den scéim i 2019. Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail […]

Ean 11
Cláraigh anois le Glór na nGael!

Is féidir do ghrúpa, coiste nó cumann a chlárú le Glór na nGael anois.  Tá grúpaí Gaeilge agus cumainn fud fad na hÉireann agus thar sáile cláraithe linn cheana agus ag baint tairbhe as na buntaistí, as na scéimeanna maoinithe agus aitheantais agus as na seirbhísí comhairliúcháin a chuireann Glór na nGael ar fáil feadh na […]

Nol 17
Bronnadh Duaiseanna Comórtas Ghlór na nGael 2018

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go mbeidh ócáid Bronnadh Duaiseanna Comórtas Ghlór na nGael ar siúl ar an Satharn 9 Feabhra 2019 in Óstán an Glasson, Co. na hIarmhí.

DF 16
Moltóireacht Chomórtas Glór na nGael faoi lán seoil !

Tá tús curtha le camchuairt mholtóirí Chomórtas Glór na nGael an seachtain seo agus iad ag taisteal timpeall na tíre le coistí agus grúpaí pobal a chur faoi mholtóireacht do Chomórtas Ghlór na nGael. Trí fhoireann atá amuigh ag bualadh le 40 coiste sna rannóga: Coistí Gaeltachta, bailte le daonra suas go dtí 4000, bailte […]

Lún 22
Siamsaíocht Ghaeilge ag Electric Picnic – Clár ar fáil anois

Tá chomhchlár d’imeachtaí gaelacha ag an fhéile Electric Picnic eisithe ag Glór na nGael agus Conradh na Gaeilge.  Beidh rogha iontach de shiamsaíocht trí Ghaeilge ag slua na féile i mbliana leis An Phuball Gaeilge ar ais don 11ú bliain as a chéile agus ardán speisialta don bhliain seo “Bliain na Gaeilge sa ChollChoill”. Tá PDF […]