Cuireann Glór na nGael fáilte roimh an scéal seo go bhfuil comharba Scéim Phobal Gaeilge fógartha ag Foras na Gaeilge, mar atá Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge. Is cúis faoisimh í do na coistí agus do na hOifigigh Forbartha sin atá ag fanacht i bhfad ar chinnteacht faoin scéim seo. Tabharfaidh fógairt na scéime úire deis do na coistí pobail a bheith ag pleanáil níos faide chun tosaigh, don chéad uair le fada.
Aithníonn Glór na nGael áfach, nach ionann an méid a bheas curtha ar fáil tríd an scéim nua seo agus an t-éileamh a rinne na coistí pobail le linn an phróisis comhairliúcháin anuraidh. Ní bheidh sé de chumas ag gach coiste na costais agus tuarastail reatha a ghlanadh trí ioncam na scéime seo amháin, gan trácht ar sheirbhísí bunúsacha a chur ar fáil dá bpobal, gan bheith ag braith ar scéimeanna iomaíocha maoinithe eile.
“Cé gur chéim chun tosaigh é seo, agus go cuireann muid fáilte chúramach roimh an scéim nua atá fógartha inniu, fágfaidh sé na coistí reatha níos boichte fós ná mar a bhí siad nuair a cuireadh an Scéim Pobal Gaeilge ar bun an chéad lá riamh. Cuireann muid fáilte roimh na leibhéalacha éagsúla atá luaite leis an scéim nua seo. Is fada atá foireann Ghlór na nGael ag cuidiú agus ag tacú le coistí nua, agus coistí neamhfhorbartha, agus creideann muid gur ábhar dóchais é do choistí den chineál seo scéim bhunleibhéal a bheith ar fáil. Is cúis áthais dúinn chomh maith faoi leagan amach nua na scéime nach mbeidh ceantar ina bhfuil Líonra Gaeilge, Baile Seirbhíse Gaeltachta nó cnuasach d’Oifigigh Forbartha SPG faoi aon mhíbhuntáiste.”
Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael
Tá Glór na nGael ag súil le cur i bhfeidhm Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 agus ag súil leis go mbeidh deis ann do Fhoras na Gaeilge tuilleadh infheistíochta a chur ar fáil do choistí na scéme le linn tréimhse na scéime.