Is cúis áthais do Ghlór na nGael go mbeidh ar chumas Cathaoirleach na heagraíochta, Pat Carey, buaiteoir Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019 a fhógairt, ar an 21 Bealtaine 2020, ag 4.00i.n, i gcuideachta Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn.
Déanfar buaiteoir an €20,000, urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Trófaí Fhoras na Gaeilge, a fhógairt ar chlár beo a chraolfar ar leathanach Facebook Ghlór na nGael agus Molscéal, TG4.
Is iad na coistí atá ar ghearrliosta an mbuaiteoirí ná;
- Ionad Naomh Pádraig, Dobhair, Co Dhún na nGall
- Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
- Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co Dhoire
- Cairde Teo, Ard Mhacha
5 Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca
Dhuibhne, Co Chiarraí
Fógrófar freisin buaiteoirí chomórtas na gCumann Gaelacha sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal ar an gclár. Is í An Roinn Oideachais agus Scileanna atá mar urra ar an gcomórtas seo agus is iad na Cumainn Gaelacha a bhí i gcomórtas don duaischiste €10,000 ná;
- An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- An Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste
- Cuallacht Cholmcille Mhaigh Nuad, Co Chill Dara
- An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
- An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- An Cumann Gaelach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
San áireamh ar an chlár beo seo beidh agallaimh le daoine éagsúla, Uachtarán na hÉireann – Mícheál D Ó hUiginn, ionadaí ó choiste an bhuaiteora agus an Cumann Gaelach, ina measc.
Tá muid buíoch do Sheamús Ó Scanláin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a fheidhmeoidh mar fhear an tí don ócáid.