Gearrliosta Fógartha do Chomórtas Ghlór na nGael

Tá moltóirí do Chomórtas Ghlór na nGael tar éis cuairt a thabhairt ar breis is caoga coiste pobail atá páirteach sa chomórtas ó cheann ceann na tíre le coicís. Rinne na coistí seo cur i láthair ar a gcuid oibre do na moltóirí agus iad san iomaíocht sna catagóiri éagasúla de réir daonra an cheantair Bhí sé soiléar do na moltóirí go bhfuil obair den scoth ar siúl ag na coistí seo agus iad ag dul ó neart go neart.
Is fiú breis is €80,000 duais chiste Ghlór na nGael, bronnfar €20,000 atá urraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Reigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta & Trófa Fhoras na Gaeilge ar príomhbhuaiteoir an chomórtais ag searmanas ar an 10ú Márta in Óstán Glasson, Co.na hIar Mhí.
Toisc gur comórtas atá i gceist seo iad na coistí atá ar an ngearrliosta don dara moltóireacht a bheidh san iomaíocht do phríomhdhuais Ghlór na nGael –
Rannóg Gaeltachta – Comhlacht Forbartha na nDéise, Co Phort Láirge
Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.
Cumann Forbartha Chois Fharraige
Rannóg le Daonra faoi 4,000 – Glór Chairn tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire
Rannóg le daonra 20,000 + – Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Rannóg le daonra 4,000- 20,000 – Cairde Teo, Co. Ard Mhacha, Glór na Móna, Béal Feirste
Beidh an dara moltóireacht ar siúl taobh istigh de sheachtain
Gach rath ar na grúpaí ar fad.