Bhí ionadaithe ó 18 coiste pobail Gaeilge, idir coistí Gaeltachta agus iar-Ghaeltachta, i láthair ag Ceardlann Oiliúna & Gréasánaíochta dhá lá a d’eagraigh Glór na nGael in óstán an Hodson Bay in Áth Luain le gairid (9-10 Bealtaine 2023).
Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael go bhfuil sé tábhachtach an spás a chur ar fáil do na grúpaí pobail teacht le chéile. “Tá Glór na nGael ann le tacaíocht a thabhairt do phobal na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ceann de na bealaigh gur féidir linn sin a dhéanamh ná ócáidí mar seo a eagrú dóibh siúd atá ag plé leis an phobal ar bhonn logánta”
Ní hé amháin go dtig leo foghlaim faoi uirlisí nua ar nós an VR, níos tábhachtaí ná sin b’fhéidir, ná tugann sé an deis dóibh aithne a chur ar a chéile, taithí s’acu a roinnt agus plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ar théamaí comónta” a dúirt Nic Seoin.
Bhí aischothú an-dearfach ann ó na rannpháirtithe thar an dá lá. “Nuair a théim ar ais go dtí an oifig beidh mé ag féachaint cén bealach a bheidh muid ábalta sin (VR) a úsáid dúinn féin i nGaelphobal Thamhlachta. Tá a lán buntáistí ann.” a dúirt Dawn Nic Íomhair, Oifigeach Forbartha le Gaelphobal Thamhlachta. “Bhí inniu chomh suimiúil. Ag bualadh le daoine ó cheantracha eile atá ag déanamh an obair chéanna” rud a chruthaíonn deiseanna comhoibrithe sa todhchaí, dar léi.
Ba deis iontach a bhí sa seisiún gréasánaíochta dar le Dónall Ó hAiniféin, An Clár as Gaeilge. “Tá cuid mhaith de na coistí pobail go bhfuil aithne agam orthu ar an bhfón agus mé tar éis plé leo. Bhí sé go hiontach bualadh leo aghaidh ar aghaidh don chéad uair.” a dúirt sé.
Bhí an ócáid seo mar chuid de shraith ceardlanna agus deiseanna gréasánaíochta a bheidh a eagrú ag Glór na Gael le linn na bliana
Eagraíodh ceithre phríomhimeacht thar an dá lá.
-
Blaiseadh teic ó Foróige maidir leis na huirlisí a úsáideann siad agus iad ag obair le daoine óga, agus deis triail a bhaint astu – idir VR, Beochán, Podchraoltaí agus Dearadh Graifice. Curtha i láthair ag Tomás Rickard
-
Gréasánaíocht – Deis gréasánaíochta idir na hoifigigh Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Líonraí Gaeilge, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, agus Oifigigh Pleanála Teanga Gaeltachta
-
Fóraim Dúnta – Fóraim plé do Bailte Seirbhíse Gaeltachta & Líonraí Gaeilge agus grúpaí ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge
-
Cur síos ar na féidearachtaí a bhaineann le forbairt pobail comhtháite bunaithe ar an bpróiseas forbartha atá idir lámha i nGaoth Dobhair faoi láthair, le Breandán Mac Cormaic – Teacht Aniar