Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael maidin Dé Luain 27 Feabhra ar chlár speisialta de chuid Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is iad Sara Ní Chuireáin agus Seán Ó Cuirrín, ó Ghlór na nGael, a bhí i gcomhluadar Máire Bríd Ní Chualáin (RnaG), leis na coistí pobail a bhain duaiseanna i gcomórtas na bliana 2022 a fhógairt. Fógraíodh buaiteoirí breis agus 25 duais as an duaischiste de €80,000 atá ag an chomórtas.
Bronnfar Gradam Ghlór na nGael ar Rónán Mac Aodha Bhuí i mbliana. Tá meas air agus grá do i measc na nGaeil fud fad na cruinne. Tuigeann muid uilig go bhfuil Rónán i mbun troda iontach dúshlánach faoi láthair agus táimid uilig ag smaoineamh air.
Fógrófar buaiteoir an Chomórtais Náisiúnta ag ócáid speisialta in Óstán Chathair Ard Mhacha ar an Satharn 15 Aibreán 2023. San iomaíocht don phríomhdhuais tá an trí ghrúpa a chríochnaigh leis na marcanna is airde sa chomórtas. Is iad siúd: An Droichead, Béal Feirste, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí agus Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall. Guímid gach uile rath ar an trí ghrúpa sin agus ár gcomhghairdeas leo as a bheith san iomaíocht don mhórdhuais náisiúnta (€15,000 – 1 áit & €5,000 – 2 áit). Is ann a fhógrófar buaiteoirí Chomórtas na gCumann Gaelach sna hinstitiúidí tríú leibhéil chomh maith. Beidh moltóireacht ar siúl ar na gCumainn Gaelacha sa mhí amach romhainn.
Tá Glór na nGael buíoch d’urraitheoirí an chomórtais:
Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann urraíocht ar an phríomhdhuais, maraon le Údarás na Gaeltachta agus le hurraitheoirí na nduaiseanna speisialta: Comhairle Chontae na Gaillimhe; Comhairle Chontae Dhún na nGall; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; Comhairle na Gaelscolaíochta; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG); Cló Iar-Chonnacht; An Foras Pátrúnachta; An tOireachtas; Gael-Linn; An Timire; GRADAIM.
__________________________________________
Liosta buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2022
Príomhdhuais Ghlór na nGael
Céad áit €15,000 & Trofaí Fhoras na Gaeilge: Le fógairt ar an 15 Aibreán
Dara áit, €5,000 : Le fógairt ar an 15 Aibreán
Gradam Ghlór na nGael
Rónán Mac Aodha Bhuí
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Céad áit, €3,000 : Cumann Forbartha Chois Fharraige
Dara áit, €2,000 : Muineachán le Gaeilge
Oideachas:
Céad áit, €3,000 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Áth na Long, Co. an Dúin
An Teaghlach:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000 : Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na Gall
Dara áit, €2,000 : Glór na Móna, Béal Feirste
An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000 : Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste
Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000 : Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste
Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000 : Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Duaiseanna Speisialta an Chomórtais
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Muineachán le Gaeilge
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Gaeilge Locha Riaich, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Comhar Chuigéal, Conamara
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €2,000 : Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara
Duais Aitheantais Gradaim, €1,000 : Dúchas an Daingin, Co. Chiarraí
Duais an Oireachtais, €1000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Duais an Timire, €750 : Cairde Teo, Ard Mhacha
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath