June 7, 2023

Féilte


Tá áthas agus lúcháir orainn ag Glór na nGael go bhfuil muid in ann cuidiú atá praiticiúil agus fiúantach a chur ar fáil do lucht eagraithe ‘An Puball Gaeilge ag Electric Picnic’ agus ‘Féile na Gealaí’.

Tuilleadh sonraí thíos.

An Puball Gaeilge @ Electric Picnic

Cuireann An Puball Gaeilge @ Electric Picnic an Ghaeilge agus ealaíontóirí Gaeilge i lár an aonaigh ag an fhéile ceoil is ealaíona is mó in Éirinn. Deis iontachatá sa Phuball do phobal na Gaeilge sult a bhaint as scoth na siamsaíochta ina dteanga féin agus bíonn suas le 4,000 cuairteoir chun an Phuball gach bliain. Tá bród ar Ghlór na nGael as an ról a bhí againn i gcuidiú i bhforbairt an tionscadail seo le cúpla bliain anuas i gcomhar le foireann an Phubaill féin.


X
X