Tá leagan amach nua ar Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael le haghaidh 2020 ar aghaidh. Tá gach eolas ar struchtúr nua an chomórtais ar fáil sa leabhrán seo:
Leabhrán: Comórtas Naisiúnta Ghlór na nGael
Tá clárúcháin le haghaidh Chomórtas Ghlór na nGael 2021 oscailte anois – brú anseo chun do ghrúpa a chlárú
Tá fás suntasach tagtha ar an gcomórtas thar na blianta go dtí an stád reatha, ina bhfuil comórtas le duaischiste de níos mó ná €80,000 agus rannóga éagsúla a chlúdaíonn, sainchomórtais d’Institiúidí Tríú Leibhéal, coistí Gaeilge thar lear agus coistí pobail Gaeilge éagsúla anseo in Éireann. Tugtar deis freisin do choistí dul i gcomórtas do réimse leathan duaiseanna speisialta ó bhliain go bliain.
Mar chuid dá ndualgais, ag plé le Gaeilge sa Teaghlach, Gaeilge sa Ghnó, agus Forbairt Phobail Ghaeilge freastalann Oifigigh Forbartha Ghlór na nGael ar choistí, ag cuidiú leo clárú, ag cuidiú le pleananna oibre a fhorbairt, agus ag roinnt eolais faoi scéimeanna nó áiseanna a bheadh ar fáil do choistí, teaghlaigh nó gnónna. Tugtar cuairteanna timireachta ar gach coiste a chláraíonn i rith bliain an chomórtais le cúnamh agus comhairle a thabhairt go rialta.
Faoi dheireadh na bliana eagraítear tréimhse moltóireachta agus téann foirne moltóireachta Ghlór na nGael timpeall na coistí ag bailiú eolais faoinar chuireadh chun cinn i rith na bliana.
Príomhdhuais Ghlór na nGael: Le fógairt 21 Bealtaine 2020
Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna: Le fógairt 18 Aibreán 2020
1962 Mainistir na Féile, Co. Luimní
1963 Mainistir na Féile, Co. Luimní
1964 Baile Átha Luain
1965 Durlas, Co. Thiobraid Árann
1966 Durlas, Co. Thiobraid Árann
1967 Oileán Chléire, Co. Chorcaí
1968 Drom Collachair, Co. Luimní
1969 Bré, Co. Chill Mhantáin
1970 Dún Garbhán, Co. Port Láirge
1971 Baile Mhúirne/Cúil Aodha, Co. Chorcaí
1972 Caisleán a’ Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
1973 Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí
1974 Eochaill, Co. Chorcaí
1975 Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
1976 Teampall an Ghleanntáin, Co. Luimní
1977 Dúiche Chrónáin, Baile Átha Cliath
1978 An tÁth Leacach, Co. Luimní
1979 Baile Munna, Baile Átha Cliath
1980 Trá Lí, Co. Chiarraí
1981 An Daingean, Co. Chiarraí
1982 Ceatharlach
1983 Inis, Co. an Chláir
1984 Baile an Easpaig, Co. Chorcaí
1985 Ráth Chairn, Co. na Mí
1986 Béal Feirste Thiar
1987 Tamhlacht, Baile Átha Cliath
1988 Paróiste an Chnoic, Co. na Gaillimhe
1989 Dúiche Chrónáin, Baile Átha Cliath
1990 Inis, Co. an Chláir
1991 Fionntrá, Co. Chiarraí
1992 Doire
1993 Carna, Co. na Gaillimhe
1994 Ceantar Naithí, Baile Átha Cliath
1995 Ceatharlach
1996 Béal Feirste Thiar
1997 An tAonach, Co. Thiobraid Árann
1998 Ráth Chairn, Co. na Mí
1999 Doire
2000 Paróiste an Chnoic, Co. na Gaillimhe
2001 Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
2002 Inis, Co. an Chláir
2003 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Tuaisceart Bhéal Feirste 2004 Trá Lí, Co. Chiarraí
2005 An Droichead, Deisceart Bhéal Feirste
2006 Paróiste an Chnoic, Co.na Gaillimhe
2007 An Clár as Gaeilge, Inis, Co. an Chláir
2008 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
2009 An Droichead, Béal Feirste
2010 Glór Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire
2011 Gaelphobal an tSrátha Báin
2012 Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co Dhún na nGall
2013 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
2014 Glór Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire
2015 Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
2016 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co.na Gaillimhe
2017 Glór na Móna, Béal Feirste
2018 Áislann Rann na Feirste
2019 ?