Eagraíonn Glór na nGael comórtas bliantúil idir cumainn gaelacha na n-institiúidí tríú leibhéal a chuireann deá-chleachtas sa phleanáil, forbairt pobail teanga agus an ghréasánaíocht idir coláistí chun tosaigh.
Tugann Comórtas na gCumann Gaelacha aitheantas do na cumainn is fearr ó thaobh dea-chleachtais de sna réimsí éagsúla den gcomórtas agus bainistiú coiste de. Sprioc eile an chomórtais é ná cumainn ó cheantair agus ó chúlraí éagsúla a chur i dteagmháil lena chéile ar bhonn tras-teorainn agus tras-phobail agus múnlaí dea-chleachtais a roinnt. Cuirtear béim nach beag ar an tábhachtacht le hullmhú agus le feidhmiú plean teanga.
Tá an Comórtas seo a reatáil againn le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Déan teagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais faoin comórtas nó chun do Chumann féin a chlárú frainc@glornangael.ie
Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna
Buaiteoirí 2020/21
1ú Duais €3,000 – An Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide , Baile Átha Cliath
2ú Duais €2,000 – Cumann Gaelach Ollscoil na hÉireann Gaillimh
3ú Duais €1,500 – Cumann Gaelach Ollscoil Luimnigh
Duais Tras-Phobail €1,000 – Cuallacht na Gaeilge Má Nuad
Duais Tras-Teorainn €1,000 – Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona Béal Feirste
Duais Aitheantais ar Obair Mheabharshláinte €750 – An Chuallacht Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Duais Aitheantais ar Fhorbairt in Aineoinn Covid / ar Láimhseáil na Paindéime / Duais Aitheantais €750 – Cumann Drámaíochta Coláiste na hOllscoile Corcaigh