Bronnadh duaiseanna Ghlór na nGael ag ócáid speisialta in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair oíche Shathairn 26 Márta 2022. B’iad Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €15,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn 3ú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú.
Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus An Droichead, Béal Feirste i measc eile.
Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Bláthnaid Ó Brádaigh agus Helen Ó Murchú, mar aitheantas ar an obair fadsaoil atá déanta acu beirt ar son na teanga.
Bhí Mairéad Ní Mhaonaigh ina aoi speisialta ar an oíche agus bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.
Príomhdhuais Ghlór na nGael
Céad áit €15,000 & Trofaí Foras na Gaeilge: Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Dara áit, €5,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall
Gradam Ghlór na nGael
Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh
Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2021
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Céad áit, €3,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
An Teaghlach:
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Dara áit, €2,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh
Oideachas:
Céad áit, €3,000 : An Droichead, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000 : Cill Dara le Gaeilge
Dara áit, €2,000 : Líonra Leitir Ceanainn
Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000 : Glór na Móna, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Ráth Chairn, Contae na Mí
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Duaiseanna Speisialta an Chomórtais
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Craobh Mhaigh Cuilinn
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €1,500 : Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Contae an Dúin
Duais an Oireachtais, €500 : Cumann Forbartha Chois Fharraige
Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Muineachán le Gaeilge
Duais COGG, €2000 : Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Pleanáil Teanga Árainn Mhóir
Duais don Choiste Deonach is fearr, €1,000 : Coiste Forbartha Chnoc Fola
Duais Aitheantais, €1,000 : Comharchumann Ráth Chairn