Ar chlár speisialta d’Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a craoladh ar an 24 Feabhra 2022, d’fhógair Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha, agus Seán Ó Cuirrín, Oifigeach Forbartha Ghlór na nGael, torthaí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2021. Fógraíodh suas le €80,000 de dhuaischiste agus na duaiseanna sin roinnte ar choistí pobail Ghaeilge fud fad na tíre.
Is iad na coistí seo a leanas an trí ghrúpa a chríochnaigh leis na marcanna is airde i gcomórtas 2021, agus is iad a bheidh san iomaíocht don seic €15,000 agus príomhdhuais na bliana, a fógrófar ag Bronnadh Náisiúnta Ghlór na nGael ag deireadh mí Mhárta: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire, Ionad Naomh Pádraig, Dobhar,
Tír Chonaill agus Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Gaillimh.
Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael mar aitheantas ar an obair ollmhór a dhéanann coistí pobail Gaeilge fud na tíre ó cheann ceann na bliana, agus cheiliúir an comórtas 60 bliain ar an bhfód anuraidh. Ba léir do na moltóirí le dhá bhliain anuas ach go háirithe, láidreacht agus seasmhacht na ngrúpaí seo agus iad ag soláthar seirbhísí d’ardchaighdeán do phobail Gaeltachta agus Gaeilge na tíre, in ainneoin dúshláin reatha ár linne.
Ghabh Caitríona Nic Seoin buíochas le Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann urraíocht ar an phríomhdhuais, maraon le Údarás na Gaeltachta agus le hurraitheoirí uile na nduaiseanna speisialta.
Seo a leanas buaiteoirí na nduaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael 2021:
Príomhdhuais Ghlór na nGael – Fógrófar buaiteoir an phríomhdhuais ar an Satharn, an 26 Márta 2022. €15,000
Dara áit i gComórtas Ghlór na nGael – Fógrófar buaiteoir an dara áit ar an Satharn, an 26 Márta 2022. €5,000
Gradam Ghlór na nGael – Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh
Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2021
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Céad áit, €3,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
An Teaghlach:
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Dara áit, €2,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh
Oideachas:
Céad áit, €3,000 : An Droichead, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000 : Cill Dara le Gaeilge
Dara áit, €2,000 : Líonra Leitir Ceanainn
Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000 : Glór na Móna, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Ráth Chairn, Contae na Mí
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Duaiseanna Speisialta an Chomórtais
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Craobh Mhaigh Cuilinn
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €1,500 : Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Contae an Dúin
Duais an Oireachtais, €500 : Cumann Forbartha Chois Fharraige
Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Muineachán le Gaeilge
Duais COGG, €2000 : Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Pleanáil Teanga Árainn Mhóir
Duais don Choiste Deonach is fearr, €1,000 : Coiste Forbartha Chnoc Fola
Duais Aitheantais, €1,000 : Comharchumann Ráth Chairn
Bronnfar duaiseanna Ghlór na nGael ag ócáid speisialta in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair ar an Satharn, an 26 Márta 2022. Is ann a bhfógrófar buaiteoirí Chomórtas na gCumann Gaelach sna hinstitiúidí tríú leibhéil chomh maith. Cuirfear fáilte is fiche roimh choistí Ghlór na nGael chuig an chéad ócáid bhronnta ó bhí 2019 ann agus déanfar ceiliúradh ar an oíche ar obair na gcoistí le dhá bhliain anuas, agus muid ag súil le bliain ghnóthach eile amach romhainn.