Tá cinneadh tógtha ag Glór na nGael Bronnadh Náisiúnta Duaiseanna an Chomórtais a eagrú ar an 26 Márta 2022. Seo an chéad ócáid bhronnta a bheidh eagraithe ag Glór na nGael ó Mhárta 2019, bronnadh a eagraíodh san Óstán Glasson, i gCo na hIarmhí.
Ag fógairt eagrú an Bhronnta dó, thug Eoghan Mac Cormaic, leasCheannasaí na heagraíochta le fios;
“Is i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a mbronnfar duaiseanna na bliana 2021, ar luach €60,000+ iad, agus is ann a fhógrófar an buaiteoir náisiúnta. Ach sa bhreis ar sin, bronnfar a ngradaim orthu siúd a bhuaigh duaiseanna i gcomórtais 2020 agus 2019.”
Dar ndóigh is de bharr na paindéime Covid 19, ar tharla an riaráiste seo i leith bronnadh na nduaiseanna 2019 agus 2020, cé gur dáileadh an duaischiste airgid cheana féin.
Fógrófar buaiteoirí duaiseanna rannóga éagsúla an chomórtais 2021, gearrliosta an phríomhbhuaiteora agus buaiteoirí Chomórtas na gCumann Gaelach sna hinstitiúidí tríú leibhéil ar chlár Raidió na Gaeltachta, ar dháta atá le socrú.
Dar le Mac Cormaic, “beidh spéis mhór i mBronnadh na bliana seo, an ócáid ceiliúrtha is mó do ghrúpaí pobail in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an mBronnadh speisialta iarChovid seo eagrófar imeachtaí shóisialta ar feadh an deireadh seachtaine i gcomhar le Meitheal Pleanála Teanga Iarthuaisceart Dhún na nGall.”
Beidh tuilleadh eolais ar imeachtaí an deireadh seachtaine ar fáil go luath. Idir an dá linn, iarrtar ar ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta an deireadh seachtaine 25-27 Márta 2022 a chur sa dialann.