Seoladh an leagan nua de chomórtas Ghlór na nGael ag Oireachtas na Samhna. Comórtas a bunaíodh i bhfad siar, sa bhliain 1961. Ón tús is comórtas forbartha pobail a bhí ann, leis an mana ‘Tóg do phobal le nasc na Gaeilge’. Na sagairt Pádraig Ó Fiannachta agus Tomás Ó Fiach a bhunaigh an comórtas agus bhí duais chiste de thart faoi £100 punt ar fáil don tír ar fad. Thar na blianta tháinig athraithe sa chomórtas agus Glór an nGael ag iarraidh freastal ar athraithe sa sochaí. D’aithin an comórtas go bhfuil pobail éagsúla ann agus rinne foireann agus Bord Ghlór na nGael cinnte go raibh an comórtas oiriúnach don phobal i gcónaí.
Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, go raibh níos mó ná dhá bhliana caite ar dhearadh an mhúnla nua seo don chomórtas. “agus le linn an am sin bhí an foireann Ghlór na nGael gnóthach ag bailiú suirbhé ar mhianta agus meonta na gcoistí; ag plé na bhféidireachtaí le réimsí nua a fhorbairt sa chomórtas agus ar ndóigh ag fréamhú sin i ndea-chleachtas pleanála teanga.” a dúirt Carey. “Sa chreatlach nua seo beidh an comórtas ag bogadh ó ‘iomlánú’ marcanna go córas ina mbeidh buaiteoirí réimsí. Cinnteoidh an comórtas nua seo go mbeidh deis ag gach coiste, beag nó mór, faoin tuath, sa Ghaeltacht nó i suíomh uirbeach ábalta a bheith san iomaíocht do dhuais náisiúnta. Osclaíonn sé an comórtas do chách.”
Thug Eoghan Mac Cormaic, leas-cheannasaí Ghlór na nGael, le fíos go mbeidh ocht réimse sa chomórtas nua a bhainfidh le forbairt na teanga agus forbairt an phobail. D’fhéadfaí go gcuirfí béim ó bhliain go bliain ar ghnéithe éagsúla den fhorbairt pobail agus fógrófar réimsí an chomórtais dhá bhliain chun tosaigh. Don tréimhse 2020 – 2022 is seo na réimsí a bheidh béim orthu: An Óige, An Teaghlach, Oideachas, Sláinte Intinne agus Coirp, An Stát agus Gnó, Tograí Cosanta Comhshaoil Caomhnaithe Oidhreachta & Spioradáltachta, Imeachtaí & Deiseanna Labhairt na Gaeilge agus An Ghaeltacht.
Is é an coiste leis an mharc is airde in aon réimse ar leith a bhuafaidh Duais Náisiúnta an réimse sin ach ní bhronnfar níos mó ná Duais Náisiúnta Réimse amháin ar aon choiste. Sa chás go mbeidh coiste sa chéad áit i níos mó ná réimse amháin bronnfar Duais an réimse ina bhfuil an marc is airde bainte amach acu. Bronnfar Duais an réimse eile ar an choiste leis an dara scór is airde sa réimse sin ach íosmheid marcanna riachtanach a bheith bainte amach.
Beidh €62000 sa duaischiste Comórtas náisiúnta i 2020, móide duaiseanna spéisialta, agus tríd an córas nua go mbeidh an duaischiste sin ag leathnú amach níos mó ná riamh.
Ghabh Pat Carey buíochas do na h-urraí ar fad Foras na Gaeilge, Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus na hurraí ar dhuaiseanna speisialta.
Tá leabhrán eolais a dhéanann cur síos ar an leagan amach nua ar fáil anseo: Leabhrán eolais
Trending Now
Tairiscint ar phlean straitéiseach
September 20, 2023
Nuachtlitir Theanga Tí 15 Meán Fómhair 2023
September 15, 2023