Site logo

Painéal de cainteoirí/traenálaithe á chur le chéile

Tá Glór na nGael, ceanneagraíocht náisiúnta Gaeilge, ag súil le painéal de cainteoirí/traenálaithe a chur le chéile le cúrsaí oiliúna agus cainteanna eolasacha a fhorbairt dár bhfoireann agus do choistí pobail Gaeilge.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do dhaoine ar spéis leo bheith ar an phainéal le scileanna/saineolas sna réimsí seo a leanas, teagmháil a dhéanamh linn ar oiliunt@glornangael.ie:

  • Sláinte agus Sabháilteacht
  • Bainistiú Acmhainní
  • Úrlabhraíocht Poiblí
  • Rialachas Bunúsach Chaiteachais agus Ioncaim
  • Sláinte Intinne
  • Rialachas Corporáideach

nó réimsí nach iad a chuideodh le forbairt foirne agus pobail.

Beidh idir seisiúin fhíorúla, agus seisiúin fhisiciúla i gceist.

Seol rphost ag míniú do chúlra agus saineolas nó CV chuig oiliunt@glornagael.ie