Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha do Thrá Lí

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Michelle Nic Gabhann ceaptha mar an tOifigeach Pleanála Teanga (OPT) le Plean Teanga Thrá Lí a chur i bhfeidhm. 

Ag fógairt an cheapacháin dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, go mbeadh tionchar dearfach ag an ceapachán seo ar thodhchaí na Gaeilge sa bhaile agus sna ceantair máguaird. “Tá an plean seo le bheith ina chúnamh dúinn uilig chun an teanga a spreagadh i dTrá Lí.” a dúirt Mac Gabhann “Tá rath an phlean ag brath ar ndóigh ar chomhpháirtíocht ó gach grúpa atá gníomhach sa phobal, grúpaí pobail, agus stáit san áireamh.”

Chuir Con Moynihan, Oifigeach Gaeilge gníomhach leis an mBord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, a shásamh in iúl faoin gceapachán. “Is léir an paisean atá ag Michelle don teanga agus don bhaile.” a dúirt sé. “Cabhróidh a taithí agus a pearsantacht dearfach léi ina ról nua agus is cinnte go gcuirfidh sí go mór le fás agus forbairt na Gaelainne i mbaile Thrá Lí. Guím gach rath uirthi.”

Tógadh Michelle i mbaile Thrá Lí agus is iar-scoláire do chuid Gaelscoil Mhic Easmainn agus Gaelcholáiste Chiarraí í. “Táim ag súil go mór le tabhairt faoin bpost mar OPT Thrá Lí.” a dúirt sí “tá fréamhacha doimhne agam sa bhaile seo agus is onóir dom bheith bainteach le cur chun cinn na teanga i mo bhaile fhéin. 

“Tá pobal iontach i dTrá Lí agus beidh sé go diail a bheith ag obair as láimh a chéile le borradh a chur faoin nGaeilge ann.”

Thosaigh sí sa ról nua seo ag tús na míosa seo agus beidh sí ag obair thart timpeall cheantair Thrá Lí.

Cuireadh tús le Plean Teanga Thrá Lí i 2020, faoi stiúir an Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, i gcomhpháirt le coiste Trá Lí le Gaeilge. Tugadh aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta do Thrá Lí i Meán Fómhair 2022. Is éard atá i gceist le baile seirbhíse Gaeltachta ná baile ina bhfuil daonra 1,000 duine ar a laghad atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó cóngarach dó, agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus fóillíochta a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin.

Roghnaigh do theanga / Choose your language